+IARSCRÍBHINN I CINEÁLCHEADÚ AE MAIDIR LE LEIBHÉAL FUAIME CINEÁIL FEITHICLE

IARSCRÍBHINN I CINEÁLCHEADÚ AE MAIDIR LE LEIBHÉAL FUAIME CINEÁIL FEITHICLE

IARSCRÍBHINN I

CINEÁLCHEADÚ AE MAIDIR LE LEIBHÉAL FUAIME CINEÁIL FEITHICLE

1.   IARRATAS AR CHINEÁLCHEADÚ AE LE hAGHAIDH CINEÁIL FEITHICLE

1.1.

Is é monaróir na feithicle a chuirfidh isteach an t-iarratas ar chineálcheadú AE de bhun Airteagal 7(1) agus (2) de Threoir 2007/46/CE le haghaidh feithicle maidir lena leibhéal fuaime.

1.2.

Tá múnla don doiciméad faisnéise atá i bhFoscríbhinn 1.

1.3.

Cuirfidh an monaróir feithicil atá ionadaíoch don chineál sin a bhfuil sé ag iarraidh cineálcheadú ina leith isteach chuig na seirbhísí teicniúla atá freagrach as na tástálacha. Le haghaidh roghnú na feithicle atá ionadaíoch don chineál sin roghnóidh an tseirbhís theicniúil an fheithicil chun sástachta na n-údarás ceadaithe. Féadfar modhanna fíorúla tástála a úsáid chun cuidiú leis an gcinnteoireacht i rith an phróisis roghnúcháin.

1.4

Arna iarraidh sin do na seirbhísí teicniúla, déanfar eiseamal den chóras tosta agus inneall den toilleadh sorcóra céanna agus den chumhacht uasta rátaithe chéanna, ar a laghad, agus atá feistithe ar an bhfeithicil a bhfuiltear ag iarraidh cineálcheadú ina leith a chur isteach freisin.

2.   MARCÁLACHA

2.1.

Beidh na marcálacha seo a leanas ar chomhpháirteanna an sceithchórais agus an chórais iontógála, cé is moite de chrua-earraí greamaitheacha agus píobáin:

2.1.1.

trádmharc nó trádainm mhonaróir na gcóras agus a gcomhpháirteanna;

2.1.2.

tuairisc thrádála an mhonaróra.

2.2.

Beidh na marcálacha dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 agus 2.1.2 soléite agus doscriosta, fiú má tá an córas feistithe ar an bhfeithicil.

3.   DEONÚ CHINEÁLCHEADÚ AE LE hAGHAIDH CINEÁIL FEITHICLE

3.1.

Má chomhlíontar na ceanglais ábhartha, deonófar cineálcheadú AE de bhun Airteagal 9(3) agus, más infheidhme, Airteagal 10(4) de Threoir 2007/46/CE.

3.2.

Tá múnla do dheimhniú chineálcheadú AE atá i bhFoscríbhinn 2.

3.3.

Sannfar uimhir cheadaithe do gach cineál feithicle arna cheadú i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2007/46/CE. Ní shannfaidh an Ballstát céanna an uimhir chéanna do chineál feithicle eile.

3.3.1.

Má chomhlíonann an cineál feithicle luachanna teorainneacha Chéim 1 in Iarscríbhinn III, is é an carachtar “A” a leanfaidh Roinn3 den uimhir chineálcheadaithe. Má chomhlíonann an cineál feithicle luachanna teorainneacha Chéim 2 in Iarscríbhinn III, is é an carachtar “B” a leanfaidh roinn3 den uimhir chineálcheadaithe. Má chomhlíonann an cineál feithicle na teorainneacha luachanna de Chéim 3 in Iarscríbhinn III, leanfaidh an carachtar “C” an uimhir cineálcheadaithe.

4.   LEASUITHE AR CHINEÁLCHEADUITHE AE

I gcás leasuithe ar an gcineálcheadú de bhun an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagail 13, 14, 15, 16 agus Airteagal 17(4) de Threoir 2007/46/CE.

5.   SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN gCOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA

5.1.

Déanfar bearta chun comhréireacht táirgeachta a áirithiú i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 12 de Threoir 2007/46/CE.

5.2.

Forálacha speisialta:

5.2.1.

Maidir leis na tástálacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo, comhfhreagróidh siad do na tástálacha dá dtagraítear i bpointe 2.3.5 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

5.2.2.

Uair gach re bliain de ghnáth a bheidh i gceist le minicíocht na gcigireachtaí dá dtagraítear i bpointe 3 d'Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2007/46/CE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.05.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0540
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.