+IARSCRÍBHINN X SEICEÁLACHA AR CHOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA I GCOMHAIR CÓRAIS TOSTA ATHSHOLÁTHAIR MAR AONAD TEICNIÚIL LEITHLEACH

IARSCRÍBHINN X SEICEÁLACHA AR CHOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA I GCOMHAIR CÓRAIS TOSTA ATHSHOLÁTHAIR MAR AONAD TEICNIÚIL LEITHLEACH

IARSCRÍBHINN X

SEICEÁLACHA AR CHOMHRÉIREACHT TÁIRGEACHTA I GCOMHAIR CÓRAIS TOSTA ATHSHOLÁTHAIR MAR AONAD TEICNIÚIL LEITHLEACH

1.   GINEARÁLTA

Tá na ceanglais seo ag teacht leis an tástáil atá le déanamh chun (COP) a sheiceáil i gcomhréir le pointe 1 d'Iarscríbhinn I.

2.   TÁSTÁIL AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Is iad na modhanna tástála, na huirlisí tomhais agus an léirmhíniú torthaí a bhfuil cur síos orthu i bpointe 5 d'Iarscríbhinn OX a úsáidfear. An córas tosta athsholáthair nó comhpháirteanna de atá á thástáil, cuirfear faoin tástáil de réir na tuairisce i bpointí 5.2., 5.3. agus 5.4. d'Iarscríbhinn IX.

3.   SAMPLÁIL AGUS MEASTÓIREACHT A DHÉANAMH AR NA TORTHAÍ

3.1.

Roghnófar córas amháin tosta nó comhpháirteanna de agus cuirfear é faoi na tástálacha i bpointe 2. Má chomhlíonann torthaí na tástála na ceanglais maidir le COP atá luaite i bpointe 8.1. d'Iarscríbhinn IX, measfar go gcomhlíonann an cineál córais tosta nó an chomhpháirt, COP.

3.2.

Mura gcomhlíonann ceann de na torthaí tástála ceanglais na comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn IX, déanfar dhá chóras eile tosta nó comhpháirteanna díobh den chineál céanna a thástáil de bhun phointe 2 den Iarscríbhinn seo.

3.3.

Má chomhlíonann na torthaí tástála don dara agus don tríú córas tosta nó comhpháirteanna díobh ceanglais na comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn IX, measfar go gcomhlíonann an cineál sin córas tosta nó comhpháirt de, comhréireacht táirgeachta.

3.4.

Mura gcomhlíonann ceann de na torthaí tástála don dara nó tríú córas tosta nó comhpháirteanna de na ceanglais comhréireachta táirgeachta atá i bpointe 8.1 d'Iarscríbhinn IX, measfar nach gcomhlíonann an cineál sin córas tosta nó comhpháirteanna de ceanglais an Rialacháin seo agus déanfaidh an monaróir na bearta is gá chun an chomhréireacht a athbhunú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.05.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0540
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.