+Airteagal 7 Faisnéis faoi fheidhmíocht torainn
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
---+Airteagal 7 5
---+Airteagal 7 6
|
Airteagal 7 Faisnéis faoi fheidhmíocht torainn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Beidh cinntí maidir le srianta oibriúcháin atá bainteach le torann bunaithe ar fheidhmíocht torainn an aerárthaigh mar a chinnfear leis an nós imeachta deimhniúcháin a sheolfar i gcomhréir le hImleabhar 1 d’Iarscríbhinn 16 de Choinbhinsiún Chicago, an séú heagrán Márta 2011.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Ar iarratas ón gCoimisiún, tabharfaidh oibreoirí aerárthaí an fhaisnéis seo a leanas faoi thorann maidir leis na haerárthaí sin dá gcuid a úsáideann aerfoirt an Aontais:
|
(a)
|
náisiúntacht an aerárthaigh agus marc an chláraithe;
|
|
(b)
|
doiciméadúchán torainn an aerárthaigh a úsáidtear, chomh maith leis an uasmheáchan comhréireach éirí de thalamh;
|
|
(c)
|
aon athrú don aerárthach a mbeadh tionchar aige ar a fheidhmíocht torainn agus atá luaite sa doiciméadúchán torainn.
|
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht, déanfaidh sealbhóirí deimhnithe cineáil d’aerárthaí nó deimhnithe cineáil fhorlíontacha, a eiseofar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), mar aon le daoine dlítheanacha nó nádúrtha a oibríonn aerárthaí nach bhfuil aon deimhniú cineáil eisithe dóibh faoin Rialachán sin, faisnéis sholáthar faoi thorann agus faoi fheidhmíocht a bhaineann le haerárthaí ar mhaithe le múnlaí torainn. Saineoidh an Ghníomhaireacht na sonraí is gá, amchlár, an fhoirm agus bealach lena soláthar. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis a gheofar maidir le torann agus feidhmíocht na n-aerárthaí a fhíorú ar mhaithe le múnlaí torainn agus cuirfidh sí an fhaisnéis ar fáil do pháirtithe eile ar mhaithe le múnlaí torainn.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Beidh na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus cuirfear ar fáil iad saor in aisce, i bhfoirm leictreonach agus úsáidfear an fhormáid a shonrófar, más infheidhme.
|
|
Airteagal 7 5
|
5. Déanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí torainn agus feidhmíochta an aerárthaigh a fhíorú chun críocha múnlaí torainn a chruthú a bhaineann le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.
|
|
Airteagal 7 6
|
6. Déanfar sonraí a stóráil i mbunachar sonraí lárnach agus cuirfear ar fáil iad d’údaráis inniúla, d’oibreoirí aerárthaí, do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta agus d’oibreoirí aerfoirt chun críocha oibríochtúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.06.2014 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0598
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|