2. Tar éis an mheasúnaithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 6, beidh tuarascáil i scríbhinn ag gabháil leis an bhfógra, i gcomhréir leis na ceanglais atá sonraithe in Airteagal 5, ina míneofar na cúiseanna leis an srian oibriúcháin a thabhairt isteach, an cuspóir laghdaithe torainn a bunaíodh don aerfort, na bearta a measadh chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus an mheastóireacht ar an gcost-éifeachtúlacht is dócha a bheidh ag na bearta éagsúla a measadh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an tionchar trasteorann atá acu.