+Airteagal 8 Rialacha maidir le srianta oibriúcháin a thabhairt isteach
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
|
Airteagal 8 Rialacha maidir le srianta oibriúcháin a thabhairt isteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Sula dtabharfar isteach srian oibriúcháin, tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra sé mhí do na Ballstáit, don Choimisiún agus do na páirtithe leasmhara ábhartha, a chríochnóidh dhá mhí ar a laghad sula gcinnfear na paraiméadair chomhordaithe sliotán mar a shainítear i bpointe (m) d’Airteagal 2 de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (10) ón gComhairle don aerfort lena mbaineann i dtaobh thréimhse an sceidealaithe ábhartha.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Tar éis an mheasúnaithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 6, beidh tuarascáil i scríbhinn ag gabháil leis an bhfógra, i gcomhréir leis na ceanglais atá sonraithe in Airteagal 5, ina míneofar na cúiseanna leis an srian oibriúcháin a thabhairt isteach, an cuspóir laghdaithe torainn a bunaíodh don aerfort, na bearta a measadh chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus an mheastóireacht ar an gcost-éifeachtúlacht is dócha a bheidh ag na bearta éagsúla a measadh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an tionchar trasteorann atá acu.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse trí mhí ón lá a fuair sé fógra faoi mhír 1, athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas chun srian oibriúcháin a thabhairt isteach. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach leanann tabhairt isteach srian oibriúcháin i leith torainn an próiseas atá leagtha amach sa Rialachán seo, féadfaidh sé fógra a thabhairt dá réir don údarás ábhartha inniúla. Scrúdóidh an t-údarás inniúil ábhartha an fógra ón gCoimisiún agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoin rún atá aige sula dtabharfaidh sé an srian oibriúcháin isteach.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. I gcás ina mbainfidh an srian oibriúcháin le haerárthaí lag-chomhlíontacha a bheith á dtarraingt siar as aerfort, ní cheadófar aon ghluaiseacht bhreise thar líon ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontacha do thréimhse chomhfhreagrach na bliana roimhe sin, san aerfort sin sé mhí i ndiaidh an fhógra dá dtagraítear i mír 1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na húdaráis inniúla an ráta bliantúil laghdaithe ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontacha de chuid na n-oibreoirí lena mbaineann ag an aerfort sin, agus aois na n-aerárthaí agus comhdhéanamh an aerloingis iomláin á gcur san áireamh go cuí. Gan dochar d’Airteagal 5(4), ní bheidh an ráta sin níos airde ná 25 % de líon ghluaiseachtaí na n-aerárthaí lag-chomhlíontach do gach oibreoir sin a fhónann don aerfort sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.06.2014 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0598
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|