|
+Airteagal 9 Údaruithe ---+Article 9 1. ---+Article 9 2. ---+Article 9 3. ---+Article 9 4. ---+Article 9 5. ---+Article 9 6. ---+Article 9 7. ---+Article 9 8. |
Airteagal 9 ÚdaruitheAirteagal 9 Údaruithe 1. I gcásanna eisceachtúla, ar chúiseanna lena ngabhann leas mór poiblí, lena n-áirítear iad sin de chineál sóisialta nó eacnamaíoch, féadfaidh na Ballstáit ceadanna a eisiúint lena ligtear do bhunaíochtaí gníomhaíochtaí a chur i gcrích, seachas na gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 8(1), faoi réir údarú a fháil ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 8(2) agus (3). 2. Cuirfidh an Coimisiún ar bun córas údaraithe leictreonach agus oibreoidh sé é agus déanfaidh sé cinneadh maidir le hiarratais ar údarú laistigh de 60 lá tar éis iarratas a fháil. 3. Cuirfidh na Ballstáit iarratais isteach ar údarú agus an córas dá dtagraítear i mír 2 á úsáid acu. 4. Luafar an méid seo a leanas in aon iarratas ar údarú: (a) mionsonraí na bunaíochta nó na ngrúpaí bunaíochtaí lena n-áirítear a n-ainm agus a seoladh; (b) ainmneacha eolaíocha agus coitianta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhfuil an t-údarú á iarraidh maidir leis; (c) na cóid den Ainmníocht Chomhcheangailte a chuirtear ar fáil le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87; (d) líon nó méid na n-eiseamal lena mbaineann; (e) na cúiseanna don údarú iarrtha; (f) tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá beartaithe chun a áirithiú nach bhféadfaidh éalú nó leathadh ó shaoráidí coimeádta imshrianta ina bhfuil an speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas le coimeád agus láimhseáil tarlú, agus ar na bearta chun a áirithiú go ndéanfar aon iompar maidir leis an speiceas, i gcás ina mbeidh gá leis, faoi choinníollacha a eisiann éalú; (g) an riosca a mheas maidir le h-éalú an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, a n-iarrtar údarú ina leith, in éineacht le tuairisc ar na bearta maolaithe riosca atá le cur ar bun; (h) tuairisc ar an gcóras faireachais atá beartaithe agus ar an bplean teagmhasach chun déileáil le h-éalú nó le leathadh a d’fhéadfadh a tharlú, lena n-áirítear plean díothúcháin más gá; (i) cur síos ar an dlí náisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis na bunaíochtaí sin. 5. Tabharfar fógra chuig údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann i leith údaraithe arna ndeonú ag an gCoimisiún. Beidh údarú sonrach do bhunaíocht aonair, beag beann ar an nós imeachta iarratais dá dtagraítear i mír 4, beag beann ar an nós imeachta iarratais a leantar i gcomhréir le pointe (a) de mhír 4, áireofar ann an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 agus ré an údaraithe. Áireofar in údarú freisin forálacha i ndáil le heiseamail bhreise nó eiseamail athsholáthair a sholáthar don bhunaíocht a n-iarrtar an t-údarú sin ina leith. 6. Tar éis údarú a fháil ón gCoimisiún, féadfaidh an t-údarás inniúil an cead a eisiúint dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 8(4) go (8). Déanfar na forálacha uile a shonraítear san údarú a eiseoidh an Coimisiún a áireamh sa chead. 7. Diúltóidh an Coimisiún d’iarratas ar údarú más amhlaidh nach gcomhlíontar aon oibleagáidí ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo. 8. Déanfaidh an Coimisiún, a luaithe is féidir, an t-iarratasóir agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas maidir le haon iarratas ar údarú a diúltaíodh de bhun mhír 7, agus sonróidh sé an chúis leis an diúltú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|