|
+Airteagal 13 Pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrach ---+Article 13 1. ---+Article 13 2. ---+Article 13 3. ---+Article 13 4. ---+Article 13 5. |
Airteagal 13 Pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrachAirteagal 13 Pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrach 1. Déanfaidh na Ballstáit, taobh istigh de 18 mí ón dáta a nglacfar liosta an Aontais anailís chuimsitheach ar na conairí trína dtugtar isteach agus trína leatar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas go neamhbheartaithe ar a gcríoch agus ina n-uiscí mara, ar a laghad, mar a shainítear iad i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/56/CE, agus sainaithneoidh siad na conairí inar gá gníomhaíocht tosaíochta (“conairí tosaíochta”), mar gheall ar líon na speiceas nó ar an damáiste ionchasach a dhéantar de dheasca na speiceas a thagann isteach san Aontas Eorpach trí na conairí sin. 2. Laistigh de thrí bliana ón dáta a nglacfar liosta an Aontais, déanfaidh gach Ballstát aon phlean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta a shainaithneoidh sé de bhun mhír 1. Áireofar sna pleananna gníomhaíochta cláir ama le haghaidh gníomhaíochta agus tabharfar tuairisc iontu ar na bearta a bheidh le glacadh agus, de réir mar is iomchuí, ar na gníomhaíochtaí deonacha agus na cóid dea-chleachtais, chun aghaidh a thabhairt ar na conairí tosaíochta agus chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach san Aontas go neamhbheartaithe agus a leathadh go neamhbheartaithe taobh istigh den Aontas. 3. Áiritheoidh na Ballstáit comhordú a mbeidh sé d’aidhm aige plean gníomhaíochta amháin nó tacar de phleananna gníomhaíochta a bhunú a bheidh comhordaithe ar an leibhéal réigiúnach iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 22(1). I gcás nach mbunófar pleananna gníomhaíochta réigiúnacha den chineál sin, bunóidh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta dá gcríoch, agus cuirfidh siad chun feidhme iad, agus déanfar iad a chomhordú a mhéid is féidir ar an leibhéal réigiúnach iomchuí. 4. Áireofar go háirithe sna pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, bearta atá bunaithe ar anailís ar na costais agus ar na sochair, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: (a) feasacht a mhúscailt; (b) íoslaghdú a dhéanamh ar éilliú earraí, tráchtearraí, feithiclí agus trealaimh, arb é eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha is cúis leis, lena n-áirítear bearta le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha a iompar ó thríú tíortha; (c) seiceálacha cuí ag teorainneacha an Aontais a áirithiú, seachas na rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 15; 5. Déanfar na pleananna gníomhaíochta a bunaíodh i gcomhréir le mír 2 a sheoladh chuig an gCoimisiún gan mhoill. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna gníomhaíochta agus déanfaidh siad iad a sheoladh chuig an gCoimisiún gach sé bliana ar a laghad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|