|
+Airteagal 17 Díothú mear ag céim luath den ionradh ---+Article 17 1. ---+Article 17 2. ---+Article 17 3. ---+Article 17 4. |
Airteagal 17 Díothú mear ag céim luath den ionradhAirteagal 17 Díothú mear ag céim luath den ionradh 1. Tar éis an luathbhraith agus laistigh de thrí mhí tar éis an fógra luathbhraith dá dtagraítear in Airteagal 16 a tharchur, cuirfidh na Ballstáit bearta um dhíothú i bhfeidhm agus tabharfaidh siad fógra faoi na bearta sin don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas fúthu. 2. Agus bearta um dhíothú á gcur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na modhanna atá in úsáid éifeachtúil le díothú iomlán líon na speiceas coimhthíoch ionrach lena mbaineann a bhaint amach, ag féachaint go cuí do shláinte an duine agus don chomhshaol, go háirithe do speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus na gnáthóga atá acu, agus chun a áirithiú go spáráiltear na hainmhithe ar aon phian, anacra nó fulaingt atá inseachanta. 3. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht an díothaithe. Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an gcóras faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chuige seo. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí. 4. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi éifeachtacht na mbeart a rinneadh agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún nuair a bheidh díothú déanta ar líon de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil freisin do Bhallstáit eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|