Airteagal 15
Rialuithe oifigiúla
1. Faoin 2 Eanáir 2016, beidh struchtúir bunaithe ag na Ballstáit, ar struchtúir iad a bheidh ag feidhmiú go hiomlán, chun na rialuithe oifigiúla is gá a chur i gcrích chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach san Aontas d’aonghnó. Beidh feidhm ag na rialuithe oifigiúla sin maidir le catagóirí na n-earraí atá faoi chuimsiú chóid na hAinmníochta Comhcheangailte a ndéantar tagairt dóibh i liosta an Aontais, de bhun Airteagal 4(5).
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla na rialuithe iomchuí rioscabhunaithe a chur i gcrích ar na hearraí a luaitear i mír 1 den Airteagal seo, ag fíorú an méid seo a leanas dóibh:
(a) níl siad ar liosta an Aontais; nó
(b) cumhdaítear iad le cead bailí mar a dtagraítear dó in Airteagal 8.
3. Déanfar na rialuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, lena n-áirítear seiceálacha ar dhoiciméid, ar chéannacht agus nuair is gá, seiceálacha fisiceacha, nuair a thabharfar na hearraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo isteach san Aontas. I gcás ina ndéantar foráil cheana, le dlí an Aontais maidir le rialuithe oifigiúla ar leith ag eintitis teorann, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Treoir 91/496/CEE agus Treoir 97/78/CE nó ag pointí teacht isteach i gcomhréir le Treoir 2000/29/CE, i gcomhair catagóirí na n-earraí sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit an fhreagracht as na rialuithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh ar na húdaráis inniúla a bhfuil na rialuithe sin de chúram orthu i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 nó le pointe (g) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE.
4. Maidir le láimhseáil na n-earraí i saorchriosanna nó i stórais shaora agus na hearraí dá dtagraítear i mír 1 a chur faoi na nósanna imeachta custaim maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíocht, iompar, stóráil custaim, próiseáil inmheánach, próiseáil faoi rialú na gcustam agus cead isteach sealadach, beidh siad faoi réir na nithe seo a leanas a dhearbhú chuig na húdaráis custaim:
(a) an doiciméad teacht isteach ábhartha atá comhlánaithe go cuí ag na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo lena bhfianaítear go gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcásanna ina ndearnadh na rialuithe ag eintitis teorann, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Treoir 91/496/CEE agus Treoir 97/78/CE nó ag pointí teacht isteach i gcomhréir le pointe (j) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2000/29/CE. Caithfear an nós imeachta custaim a luaitear ann a leanúint; nó
(b) i gcás nach bhfuil earraí faoi réir rialuithe oifigiúla de réir dhlí an Aontais, fianaise dhoiciméadach eile go ndearnadh na rialuithe a raibh torthaí sásúla orthu agus an doiciméad teacht isteach ina dhiaidh sin.
Féadtar na doiciméid sin a chur isteach go leictreonach freisin.
5. Más rud é, leis na rialuithe, go suitear nach bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh:
(a) déanfaidh na húdaráis custaim cur faoi nós imeachta custaim na n-earraí a chur ar fionraí nó coinneoidh siad na hearraí;
(b) coinneoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 3 na hearraí.
I gcás ina gcoinneofar earraí, cuirfear iad faoi chúram an údaráis inniúil a bheidh i gceannas an Rialachán seo a chur chun feidhme. Gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta atá i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit feidhmeanna sonracha a tharmligean chuig údaráis eile.
6. Na costais arna dtabhú fad le linn an fíorú a dhéanamh agus na costais a eascraíonn as neamh-chomhlíonadh, beidh siad ar chostas an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh laistigh den Aontas a thug na hearraí isteach san Aontas, seachas i gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann a mhalairt.
7. Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta ar bun chun malartú faisnéise ábhartha a áirithiú agus comhordú agus comhar éifeachtúil, éifeachtach idir na húdaráis rannpháirteacha uile atá bainteach leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2.
8. Bunaithe ar dhea-chleachtais, déanfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit uile, treoirlínte agus cláir oiliúna a fhorbairt chun aithint agus brath na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas agus feidhmíocht rialuithe éifeachtúla, éifeachtacha a éascú.
9. I gcás inar eisíodh ceadanna i gcomhréir le hAirteagal 8, déanfar tagairt sa dearbhú custaim nó sna fógraí ábhartha chuig an eintiteas teorann do cheadúnas bailí lena gcumhdaítear na hearraí atá dearbhaithe.