|
+Airteagal 32 Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála ---+Article 32 1. ---+Article 32 2. ---+Article 32 3. |
Airteagal 32 Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtálaAirteagal 32 Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála 1. Maidir le coimeádaithe stoic tráchtála d’eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha a fuarthas sular cuireadh ar liosta an Aontais iad, ceadófar a fhad le dhá bhliain dóibh, tar éis na speicis a chur ar an liosta sin, eiseamail bheo nó codanna inatáirgthe de na speicis sin a choimeád agus a iompar d’fhonn iad a dhíol nó a aistriú chuig na bunaíochtaí taighde nó caomhnaithe ex-situ agus chun críocha na ngníomhaíochtaí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 8, ar choinníoll go gcoinnítear agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta; nó chun na heiseamail a mharú nó iad a dhealú ar bhealach daonnachtúil chun a stoc a dhísciú. 2. Ceadófar eiseamail bheo a dhíol nó a aistriú chuig úsáideoirí neamhthráchtála go ceann bliana amháin tar éis na speicis a chur ar liosta an Aontais, ar choinníoll go gcoimeádtar agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta. 3. I gcás inar eisíodh cead i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) 708/2007 le haghaidh speicis dhobharshaothraithe a chuirtear ina dhiaidh sin ar liosta an Aontais, agus go dtéann ré an cheada thar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh an Ballstát an cead siar i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) 708/2007 faoi dheireadh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|