+CAIBIDL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
---+Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú
------+Article 24 1.
------+Article 24 2.
------+Article 24 3.
------+Article 24 4.
---+Airteagal 25 Córas tacaíochta faisnéise
------+Article 25 1.
------+Article 25 2.
------+Article 25 3.
---+Airteagal 26 Rannpháirtíocht an phobail
---+Airteagal 27 An Coiste
------+Article 27 1.
------+Article 27 2.
------+Article 27 3.
---+Airteagal 28 An fóram um an eolaíocht
---+Airteagal 29 An tarmligean a fheidhmiú
------+Article 29 1.
------+Article 29 2.
------+Article 29 3.
------+Article 29 4.
------+Article 29 5.
---+Airteagal 30 Pionóis
------+Article 30 1.
------+Article 30 2.
------+Article 30 3.
------+Article 30 4.
---+Airteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála
------+Article 31 1.
------+Article 31 2.
------+Article 31 3.
------+Article 31 4.
---+Airteagal 32 Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála
------+Article 32 1.
------+Article 32 2.
------+Article 32 3.
---+Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm
|
CAIBIDL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
CAIBIDL VI FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú
|
Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú 1. Faoin 1 Meitheamh 2019, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a nuashonrú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún:
(a) tuairisc ar an gcóras faireachais de bhun Airteagal 14 agus ar an gcóras um rialú oifigiúil ar speicis choimhthíocha a thagann isteach san Aontas de bhun Airteagal 15, nó leagan nuashonraithe di;
(b) dáileadh an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, nó is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, agus atá ina gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 11(2), lena n-áirítear faisnéis faoi phatrúin imirce nó atáirgthe;
(c) faisnéis faoi na speicis a mheastar mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát de bhun Airteagal 12 (2);
(d) na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2);
(e) faisnéis chomhiomlán a chumhdaíonn an chríoch náisiúnta iomlán maidir leis na bearta um dhíothú a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, na bearta bainistíochta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19, agus a n-éifeachtacht, chomh maith lena dtionchar ar speicis nach speicis a dhírítear orthu iad;
(f) líon na gceadanna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus an chúis ar eisíodh iad;
(g) bearta a glacadh chun an pobal a chur ar an eolas i dtaca le speiceas coimhthíoch ionrach a bheith i láthair agus aon ghníomhaíochtaí a iarradh ar shaoránaigh a ghlacadh;
(h) na cigireachtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 8(8); agus
(i) faisnéis faoi chostas na gníomhaíochta a dhéantar chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, má bhíonn sí ar fáil.
2. Faoin 5 Samhain 2015, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas faoi na húdaráis inniúla atá i gceannas ar an Rialachán seo a chur chun feidhme. 3. Faoin 1 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo lena n-áirítear liosta an Aontais, na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2), an córas faireachais, rialuithe custaim, an oibleagáid um dhíothú agus na hoibleagáidí bainistithe, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bhféadfaidh tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil léi, lena n-áirítear athruithe ar liosta an Aontais. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin éifeachtacht na bhforálacha cur chun feidhme maidir le speicis choimhthíocha is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, an gá atá leis an speiceas atá dúchasach don Aontas a áireamh i liosta an Aontais agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh agus an bhfuil gá le comhchuibhiú breise chun éifeachtacht na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit a mhéadú. 4. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú d’fhonn oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus a shruthlíniú do na Ballstáit i ndáil leis an bhfaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
|
|
Airteagal 25 Córas tacaíochta faisnéise
|
Airteagal 25 Córas tacaíochta faisnéise 1. Bunóidh an Coimisiún de réir a chéile córas tacaíochta faisnéise is gá chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú. 2. Faoin 2 Eanáir 2016 áireofar sa chóras sin sásra tacaíochta sonraí a idirnascfaidh na córais sonraí atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha ionracha, agus tabharfar aird ar leith ar fhaisnéis ar na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas chun an tuairisciú de bhun Airteagal 24 a éascú. An sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear sa chéad fomhír, tiocfaidh sé chun bheith ina uirlís a chuideoidh leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit na fógraí ábhartha a cheanglaítear le hAirteagal 16(2) a láimhseáil. 3. Faoin 2 Eanáir 2019, tiocfaidh an sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear i mír 2 chun bheith ina shásra chun faisnéis maidir le gnéithe eile den Rialachán seo a mhalartú. Féadfaidh sé freisin go n-áireofar faisnéis ann i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát, agus i ndáil le conairí, le measúnú riosca agus le bearta bainistíochta agus le bearta um dhíothú, nuair a bhíonn sí ar fáil.
|
|
Airteagal 26 Rannpháirtíocht an phobail
|
Airteagal 26 Rannpháirtíocht an phobail I gcás ina mbíonn pleananna gníomhaíochta á mbunú de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo agus ina mbíonn bearta bainistíochta i bhfeidhm de bhun Airteagal 19 den Rialachán seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deiseanna luatha, éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú, i modhnú nó in athbhreithniú na mbeart sin, ag baint úsáide as na socruithe a chinn na Ballstáit cheana féin, i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 2(3) de Threoir 2003/35/CE.
|
|
Airteagal 27 An Coiste
|
Airteagal 27 An Coiste 1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin agus féadfaidh sé cúnamh a fháil agus é i mbun a chúraimí ón bhfóram um an eolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 28. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 3. I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
|
|
Airteagal 28 An fóram um an eolaíocht
|
Airteagal 28 An fóram um an eolaíocht Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht ionadaithe ó phobal na heolaíochta a cheap na Ballstáit i gcomhairle a sholáthar maidir le haon cheist eolaíoch a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil le hAirteagal 4, Airteagal 5, Airteagal 10 agus Airteagal 18. Tiocfaidh na hionadaithe le chéile i bhfóram um an eolaíocht. Bunóidh an Coimisiún rialacha nós imeachta an fhóraim sin.
|
|
Airteagal 29 An tarmligean a fheidhmiú
|
Airteagal 29 An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar na cumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún. 2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3) go ceann tréimhse cúig bliana ón 1 Eanáir 2015. Dréachtóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) a chúlghairm aon tráth. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle go comhuaineach. 5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d’Airteagal 5(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh an tréimhse éaga, go mbeidh curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
|
|
Airteagal 30 Pionóis
|
Airteagal 30 Pionóis 1. Leagfaidh na Ballstáit na forálacha síos maidir le pionóis a bheidh infheidhme i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm. 2. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. 3. Féadfar a áireamh ar na pionóis dá bhforáiltear, inter alia:
(b) urghabháil na speiceas coimhthíoch ionrach neamh-chomhlíontach is ábhar imní don Aontas;
(c) cead a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 a fhionraí nó a aistarraingt láithreach.
4. Faoin 2 Eanáir 2016, cuirfidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún agus déanfaidh siad amhlaidh, gan mhoill, maidir le haon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála
|
Airteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh-thráchtála 1. De mhaolú ar phointí (b) agus (d) d’Airteagal 7(1), úinéirí na n-ainmhithe coimhdeachta nach mbíonn á gcoimeád chun críocha tráchtála agus a bhaineann leis na speicis coimhthíocha ionracha atá ar liosta an Aontais, ba cheart go gceadófaí dóibh iad a choimeád go dtí deireadh shaol nádúrtha na n-ainmhithe, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a) gur coimeádadh na hainmhithe roimh iad a chur ar liosta an Aontais;
(b) go gcoimeádtar na hainmhithe faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta.
2. Glacfaidh na húdaráis inniúla gach beart réasúnta chun úinéirí neamhthráchtála a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis na hainmhithe dá dtagraítear i mír 1 a choimeád agus faoi na bearta a bheidh le déanamh chun riosca an atáirgthe agus an éalaithe a íoslaghdú trí bhíthin clár oideachais agus clár um ardú feasachta a eagróidh na Ballstáit. 3. Maidir le húinéirí neamhthráchtála nach féidir leo a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, ní bheidh cead acu na hainmhithe lena mbaineann a choimeád. Féadfaidh na Ballstáit deis a thabhairt dóibh go dtógfaí a n-ainmhithe uathu. I gcás ina dtarlaíonn sé sin, tabharfar aird chuí ar leas na n-ainmhithe. 4. Féadfaidh na bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 8 na hainmhithe dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a choimeád nó féadfar iad a choimeád i saoráidí arna mbunú ag Ballstáit chun na críche sin.
|
|
Airteagal 32 Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála
|
Airteagal 32 Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála 1. Maidir le coimeádaithe stoic tráchtála d’eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha a fuarthas sular cuireadh ar liosta an Aontais iad, ceadófar a fhad le dhá bhliain dóibh, tar éis na speicis a chur ar an liosta sin, eiseamail bheo nó codanna inatáirgthe de na speicis sin a choimeád agus a iompar d’fhonn iad a dhíol nó a aistriú chuig na bunaíochtaí taighde nó caomhnaithe ex-situ agus chun críocha na ngníomhaíochtaí íocshláinte dá dtagraítear in Airteagal 8, ar choinníoll go gcoinnítear agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta; nó chun na heiseamail a mharú nó iad a dhealú ar bhealach daonnachtúil chun a stoc a dhísciú. 2. Ceadófar eiseamail bheo a dhíol nó a aistriú chuig úsáideoirí neamhthráchtála go ceann bliana amháin tar éis na speicis a chur ar liosta an Aontais, ar choinníoll go gcoimeádtar agus go n-iompraítear na heiseamail faoi choimeád imshrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil atáirgeadh ná éalú indéanta. 3. I gcás inar eisíodh cead i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) 708/2007 le haghaidh speicis dhobharshaothraithe a chuirtear ina dhiaidh sin ar liosta an Aontais, agus go dtéann ré an cheada thar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, tarraingeoidh an Ballstát an cead siar i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) 708/2007 faoi dheireadh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 33 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2015. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.12.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1143
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|