+Airteagal 6 Ábhar agus cur isteach an phlean faireacháin
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.

Airteagal 6 Ábhar agus cur isteach an phlean faireacháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Faoin 31 Lúnasa 2017, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin do gach long dá gcuid faoi bhráid na bhfíoraitheoirí, ar plean é ina sonrófar an modh arna roghnú chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ agus ar fhaisnéis ábhartha eile.
Airteagal 6 2.
D'ainneoin mhír 1, i gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair i ndiaidh an 31 Lúnasa 2017, cuirfidh an chuideachta plean faireacháin faoi bhráid an fhíoraitheora gan aon mhoill mhíchuí tráth nach déanaí ná dhá mhí i ndiaidh céad chuairt gach loinge ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.
Airteagal 6 3.

Is é a bheidh sa phlean faireacháin ná doiciméadú iomlán agus trédhearcach ar an modh faireacháin don long lena mbaineann agus beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, san áireamh ann:

(a) 

céannacht agus cineál na loinge, lena n-áirítear a hainm, a huimhir aitheantais IMO, a calafort cláraithe nó a calafort baile, agus ainm úinéir na loinge;

▼M2

(b) 

ainm na cuideachta agus seoladh, mionsonraí teileafóin agus mionsonraí ríomhphoist duine teagmhála agus uimhir aitheantais IMO cuideachtaí uathúla agus uimhir aitheantais an úinéara chláraithe;

▼B

(c) 

tuairisc ar na foinsí astaíochta ►M2  gás ceaptha teasa ◄ seo a leanas ar bord na loinge: príomhinill, innill chúnta, tuirbíní gáis, coirí agus gineadóirí triathgháis, agus na cineálacha breosla arna n-úsáid;

(d) 

tuairisc ar na nósanna imeachta, na córais agus na freagrachtaí arna n-úsáid chun an liosta d'fhoinsí astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a nuashonrú i rith na tréimshe tuairiscithe;

(e) 

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n- úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iomláine an liosta muiraistear;

(f) 

tuairisc ar na nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla na loinge, lena n-áirítear:

(i) 

an modh atá roghnaithe as na cinn sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun ídiú breosla gach foinse astaíochta ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a ríomh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an trealamh tomhais arna úsáid,

(ii) 

na nósanna imeachta maidir leis an méid breosla a chuirtear ar bord agus an méid breosla i dtancanna a thomhas, tuairisc ar na huirlisí tomhais arna n-úsáid agus na nósanna imeachta maidir le faisnéis a bhaineann le tomhais a thaifeadadh, a aisghabháil, a aistriú agus a stóráil, de réir mar is infheidhme,

(iii) 

an modh atá roghnaithe chun dlús a chinneadh, nuair is infheidhme,

(iv) 

nós imeachta d'fhonn a áirithiú go bhfuil neamhchinnteacht iomlán na dtomhas breosla comhsheasmhach le ceanglais an Rialacháin seo agus, más féidir, tagairt á déanamh do dhlíthe náisiúnta, clásail i gconarthaí custaiméirí nó caighdeáin chruinnis soláthraithe breosla;

(g) 

fachtóirí aonair astaíochtaí arna n-úsáid le haghaidh gach cineál breosla, nó i gcás breoslaí ionadúla, na modheolaíochtaí chun na fachtóirí astaíochtaí a chinneadh, lena n-áirítear an mhodheolaíocht do shampláil, modhanna anailíse agus tuairisc ar na saotharlanna arna n-úsáid, mar aon le creidiúnú ISO 17025 na saotharlanna sin, más ann dó;

(h) 

tuairisc ar na nósanna imeachta arna n-úsáid chun sonraí gníomhaíochta in aghaidh an mhuiraistir a chinneadh, lena n-áirítear:

(i) 

na nósanna imeachta, na freagrachtaí agus na foinsí sonraí chun an fad a chinneadh agus a thaifeadadh,

(ii) 

na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí arna n-úsáid chun an lastas arna iompar agus an líon paisinéirí a chinneadh, agus a thaifeadadh, de réir mar is infheidhme,

(iii) 

na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí arna n-úsáid chun an méid ama a caitheadh ar muir idir imeacht ó chalafort agus teacht isteach i gcalafort a chinneadh agus a thaifeadadh;

(i) 

tuairisc ar an modh atá le húsáid chun sonraí ionadacha a chinneadh chun bearnaí sna sonraí a líonadh;

(j) 

bileog taifid d'athbhreithnithe chun mionsonraí uile stair an athbhreithnithe a thaifeadeadh.

Airteagal 6 4.
Leis an bplean faireacháin, féadfar a faisnéis áireamh freisin i ndáil le haicme oighir na loinge agus/nó na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí chun an t-achar a taistealadh agus an t-am a caitheadh ar muir nuair a bhíothas ag loingseoireacht trí oighear a chinneadh agus a thaifeadeadh.
Airteagal 6 5.
Bainfidh cuideachtaí úsáid as pleananna faireacháin caighdeánaithe bunaithe ar theimpléid, agus déanfaidh siad na pleananna sin a thíolacadh trí úsáid a bhaint as córais uathoibrithe agus formáidí malartaithe sonraí. Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na teimpléid sin, lena n-áirítear na rialacha teicniúla chun iad a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach, agus na rialacha teicniúla chun iad a thíolacadh go huathoibríoch. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(2).
Airteagal 6 6.
Faoin 1 Aibreán 2024, cuirfidh cuideachtaí, maidir le gach long dá gcuid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, plean faireachán faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, ar plean é a bhfuil measúnú déanta ina leith á rá go bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena léirítear gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
Airteagal 6 7.
D’ainneoin mhír 6, i gcás longa a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo den chéad uair tar éis an 1 Eanáir 2024, cuirfidh cuideachtaí plean faireacháin i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo faoi bhráid an údaráis rialacháin fhreagraigh gan moill mhíchuí tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis na chéad chuairte de gach long ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.
Airteagal 6 8.
Faoin 6 Meitheamh 2025, formheasfaidh na húdaráis rialacháin fhreagracha na pleananna faireacháin arna dtíolacadh ag cuideachtaí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an tríú fomhír den mhír seo. Maidir le longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE den chéad uair tar éis an 1 Eanáir 2024, formheasfaidh an t-údarás riaracháin freagrach an plean faireacháin arna thíolacadh laistigh de 4 mhí tar éis na chéad chuairte den long ar chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun an tríú fomhír den mhír seo.

Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Airteagail 6 go 10 a leasú a mhéid a bhaineann leis na rialacha atá sna hAirteagail sin maidir le pleananna faireacháin, chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh maidir le rialacha a bhaineann le pleananna faireacháin a fhormheas ag na húdaráis riaracháin fhreagracha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.