+Airteagal 10 Faireachán ar bhonn bliantúil

Airteagal 10 Faireachán ar bhonn bliantúil

Airteagal 10

Faireachán ar bhonn bliantúil

Bunaithe ar an bplean faireacháin a ndearnadh measúnú air i gcomhréir le hAirteagal 13(1), le haghaidh gach loinge agus gach bliana féilire, déanfaidh cuideachtaí faireachán, i gcomhréir le Cuid A d'Iarscríbhinn I agus le Cuid B d'Iarscríbhinn II, ar na paraiméadair seo a leanas:

(a) 

méid agus fachtóir astaíochtaí do gach cineál breosla arna ídiú ar an iomlán;

(b) 

►M2  gás ceaptha teasa ◄ comhiomlánaithe iomlán a astaítear faoi raon feidhme an Rialacháin seo;

(c) 

astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ comhiomlánaithe ó gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit;

(d) 

astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ comhiomlánaithe ó gach muiraistear a d'imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit;

(e) 

astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ comhiomlánaithe ó gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit;

(f) 

astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a tharlaíonn laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit nuair atá an long i mbeart;

(g) 

an fad iomlán a thaistealaítear;

(h) 

an méid iomlán ama a chaitear ar muir;

(i) 

an obair iompair iomlán;

(j) 

an mheán-éifeachtúlacht fuinnimh;

▼M2

(k) 

iomlán comhiomlánaithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin, mar aon leis an bhfaisnéis is gá chun údar a thabhairt le cur i bhfeidhm aon mhaolaithe ábhartha ó Airteagal 12(3) den Treoir sin dá bhforáiltear in Airteagal 12(3-e) go (3-b) di.

▼B

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear.

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh freisin ar an mbreosla a ídítear agus ar an ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a astaítear, agus idirdhealú á dhéanamh ar bhonn critéir eile a sainíodh sa phlean faireacháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.