+Airteagal 13 Raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíoraithe agus an tuarascáil fhíoraithe
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
|
Airteagal 13 Raon feidhme na ngníomhaíochtaí fíoraithe agus an tuarascáil fhíoraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht an phlean faireacháin leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6 agus in Airteagal 7. I gcás ina sainaithnítear i measúnú an fhíoraitheora neamh-chomhréireachtaí leis na ceanglais sin, déanfaidh an chuideachta lena mbaineann athbhreithniú ar a plean faireacháin dá réir agus cuirfidh sí an plean athbhreithnithe isteach le go bhféadfaidh an fíoraitheoir measúnú críochnaitheach a dhéanamh sula dtosóidh an tréimhse tuairiscithe. Tiocfaidh an chuideachta ar chomhaontú leis an bhfíoraitheoir maidir leis an tréimhse ama atá riachtanach chun na hathbhreithnithe sin a thabhairt isteach. Ní shínfear an tréimhse ama sin thar tús na tréimhse tuairiscithe i gcás ar bith.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na tuarascála astaíochtaí agus na tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 11(2) leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 8 go 12 agus in Iarscríbhinní I agus II.
|
|
Airteagal 13 3.
|
Nuair is é conclúid an mheasúnaithe fhíoraithe, le dearbhú réasúnach ón bhfíoraitheoir, go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí saor ó mhíshonruithe ábhartha, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fhíoraithe ina luaitear go bhfuil an tuarascáil astaíochtaí fíoraithe chun sástachta. Sonrófar sa tuarascáil fhíoraithe na saincheisteanna ar fad a bhaineann leis an obair atá ar bun ag an bhfíoraitheoir.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Nuair is é conclúid an mheasúnaithe fhíoraithe go bhfuil míshonruithe ábhartha sa tuarascáil astaíochtaí nó neamh-chomhréireachtaí le ceanglais an Rialacháin seo, cuirfidh an fíoraitheoir an méid sin in iúl don chuideachta go tráthúil. Déanfaidh an chuideachta na míshonruithe nó na neamh-chomhréireachtaí a cheartú ansin ionas go bhféadfar an próiseas fíoraithe a chríochnú go tráthúil agus déanfaidh sí an tuarascáil athbhreithnithe astaíochtaí agus aon fhaisnéis eile ba ghá chun na neamh-chomhréireachtaí a sainaithníodh a cheartú a chur chuig an bhfíoraitheoir. Ina thuarascáil fhíoraithe, luafaidh an fíoraitheoir cibé ar cheartaigh an chuideachta na míshonruithe nó na neamh-chomhréireachtaí a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe fhíoraithe nó nár cheartaigh. I gcás nár ceartaíodh na míshonruithe nó na neamh-chomhréireachtaí agus go n-eascraíonn míshonruithe ábhartha astu, ar bhonn aonair nó in éineacht, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fhíoraithe ina luafar nach gcomhlíonann an tuarascáil astaíochtaí an Rialachán seo.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar chomhréireacht na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta leis na ceanglais a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 6. Nuair is é conclúid an fhíoraitheora, le dearbhú réasúnach, go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta saor ó mhíshonruithe ábhartha, eiseoidh an fíoraitheoir tuarascáil fhíoraithe ina luaitear go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta fíoraithe chun sástachta i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 6.
|
|
Airteagal 13 6.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na rialacha maidir leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a fhíorú, lena n-áirítear na modhanna fíorúcháin agus an nós imeachta fíoraithe, agus maidir le tuarascáil fhíoraithe a eisiúint.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|