+Airteagal 15 Nósanna imeachta fíoraithe
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Nósanna imeachta fíoraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha i ndáil leis an bpróiseas faireacháin agus tuairiscithe trí chomparáid a dhéanamh idir na hastaíochtaí
►M2
gás ceaptha teasa ◄ tuairiscithe agus sonraí measta bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill suiteáilte. I gcás ina n-aimsítear claontaí suntasacha, déanfaidh an fíoraitheoir tuilleadh anailísí.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Sainaithneoidh an fíoraitheoir rioscaí ionchasacha a bhaineann leis na céimeanna difriúla ríomha trí athbhreithniú a dhéanamh ar fhoinsí na sonraí agus ar na modheolaíochtaí ar fad atá in úsáid.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Cuirfidh an fíoraitheoir san áireamh aon mhodhanna éifeachtacha rialaithe riosca arna gcur i bhfeidhm ag an gcuideachta chun go ndéanfaí leibhéil neamhchinnteachta a laghdú, ar leibhéil iad a bhaineann leis an gcruinneas is sonrach do na modhanna faireacháin a úsáidtear.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Soláthróidh an chuideachta aon fhaisnéis bhreise don fhíoraitheoir a chuirfidh ar a chumas na nósanna imeachta fíoraithe a dhéanamh. Féadfaidh an fíoraitheoir seiceálacha ar an láthair a dhéanamh le linn an phróisis fhíoraithe d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hiontaofacht na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23, d'fhonn na rialacha a shonrú tuilleadh do na gníomhaíochtaí fíoraithe dá dtagraítear sa Rialachán seo. Le linn dó na gníomhartha seo a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na heilimintí a leagtar amach i gCuid A d'Iarscríbhinn III. Beidh na rialacha a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar na prionsabail maidir le fíorú dá bhforáiltear in Airteagal 14 agus ar chaighdeáin ábhartha a bhfuil glactha leo go hidirnáisiúnta.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Maidir le fíorú na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta, comhlíonfaidh an fíoraitheoir agus an chuideachta na rialacha fíorúcháin a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 13(6). Ní fhíoróidh an fíoraitheoir an tuarascáil astaíochtaí agus an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) maidir le gach long atá faoi fhreagracht na cuideachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|