I gcás ina ndéanfaí an bonn a bhaint, go heisceachtúil, do chosaint leasanna tráchtála a bhfuil cosaint dlite acu mar leas eacnamaíoch dlisteanach lena sáraítear leas an phobail i ndáil le nochtadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
), de bharr cúinsí sonracha, trí chatagóir sonraí comhiomlánaithe a nochtadh faoi mhír 2, ar catagóir é nach mbaineann le hastaíochtaí
►M2
gás ceaptha teasa
◄ , cuirfear leibhéal éagsúil de chomhiomlánú i bhfeidhm maidir leis na sonraí sonracha sin, arna iarraidh sin don chuideachta, ionas go gcosnófar leasanna den sórt sin. I gcás nach féidir leibhéal éagsúil comhiomlánaithe a chur i bhfeidhm, ní chuirfidh an Coimisiún na sonraí sin ar fáíl go poiblí.