+Airteagal 21 Faisnéis agus tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.

Airteagal 21 Faisnéis agus tuarascáil an Choimisiúin a fhoilsiú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi na hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 11 ar fáil go poiblí mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.
Airteagal 21 2.

Áireoidh an Coimisiún an méid seo a leanas san fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil go poiblí:

▼M2

(a) 

céannacht na loinge (ainm, cuideachta, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);

▼B

(b) 

éifeachtúlacht theicniúil na loinge (EEDI nó EIV, i gcás inarb infheidhme);

(c) 

na hastaíochtaí bliantúla ►M2  gás ceaptha teasa ◄ ;

(d) 

ídiú breosla bliantúil iomlán do mhuiraistir;

(e) 

meán-ídiú breosla bliantúil agus astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ in aghaidh an fhaid a thaistealaítear i gcás muiraistear;

(f) 

meán-ídiú breosla bliantúil agus astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ in aghaidh an fhaid a thaistealaítear agus lastas a iompraítear ar mhuiraistir;

(g) 

an méid ama iomlán bliantúil a chaitear ar muir ar mhuiraistir;

(h) 

an modh a chuirtear i bhfeidhm don fhaireachán;

(i) 

dáta eisiúna agus dáta éaga an doiciméid comhlíontachta;

(j) 

céannacht an fhíoraitheora a rinne measúnú ar an tuarascáil astaíochtaí;

(k) 

aon fhaisnéis eile a dhéantar faireachán uirthi agus a thuairiscítear ar bhonn deonach i gcomhréir le hAirteagal 10.

Airteagal 21 3.
I gcás ina ndéanfaí an bonn a bhaint, go heisceachtúil, do chosaint leasanna tráchtála a bhfuil cosaint dlite acu mar leas eacnamaíoch dlisteanach lena sáraítear leas an phobail i ndáil le nochtadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ), de bharr cúinsí sonracha, trí chatagóir sonraí comhiomlánaithe a nochtadh faoi mhír 2, ar catagóir é nach mbaineann le hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ , cuirfear leibhéal éagsúil de chomhiomlánú i bhfeidhm maidir leis na sonraí sonracha sin, arna iarraidh sin don chuideachta, ionas go gcosnófar leasanna den sórt sin. I gcás nach féidir leibhéal éagsúil comhiomlánaithe a chur i bhfeidhm, ní chuirfidh an Coimisiún na sonraí sin ar fáíl go poiblí.
Airteagal 21 4.
Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar astaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ agus ar fhaisnéis ábhartha eile ón muiriompar, lena n-áirítear torthaí comhiomlánaithe agus mínithe, arb é is aidhm di an pobal a chur ar an eolas agus measúnú ar na hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ agus ar éifeachtúlacht fuinnimh an mhuiriompair de réir méide, chineál na long, gníomhaíochta, nó aon chineál catagóire eile a mheastar is ábhartha, a cheadú.
Airteagal 21 5.
Gach 2 bhliain, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar foriomlán gníomhaíochtaí muiriompair ar an aeráid dhomhanda, lena n-áirítear trí astaíochtaí ó gháis ceaptha teasa seachas CO2 agus ó cháithníní a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda acu nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo agus trí éifeachtaí gás ceaptha teasa agus cáithníní den sórt sin.
Airteagal 21 6.
Faoi chuimsiú a shainordaithe, cabhróidh EMSA leis an gCoimisiún ina chuid oibre maidir leis an Airteagal seo agus Airteagal 12 agus Airteagal 17 den Rialachán seo a chomhlíonadh, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.