+Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2 Sainmhínithe

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Threoir 2002/21/CE.

Tá feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “soláthraí cumarsáide leictreonaí don phobal” gnóthas a sholáthraíonn líonraí cumarsáide poiblí nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal;

(2) 

ciallaíonn “seirbhís rochtana ar an idrlíon” seirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal agus a sholáthraíonn rochtain ar an idirlíon, agus dá bhrí sin lúdracht le beagnach gach pointe deiridh ar an idirlíon, beag beann ar an teicneolaíocht líonra agus ar an trealamh teirminéil atá in úsáid;

▼M2

(3) 

ciallaíonn “cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne thalún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta Ballstáit eile í, agus dá ngearrtar muirir atá bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar thomhaltas iarbhír;

(4) 

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe” seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe mar a shainmhínítear i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

▼M3

(5) 

ciallaíonn “seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir” seirbhís cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(6) 

ciallaíonn “cumarsáid intíre” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta an Bhallstáit chéanna í;

(7) 

ciallaíonn “cumarsáid laistigh den Aontas” aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir líne talún nó fón póca ar cuid de phlean uimhríochta náisiúnta Ballstáit eile í.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2120
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.