|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon cóir chomhionann ar an trácht ar fad, agus seirbhísí rochtana ar an idirlíon á soláthar, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, agus beag beann ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, ar na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó ar an trealamh teirminéil a úsáideadh. Ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon bearta um bhainistiú tráchta réasúnta a chur chun feidhme. D’fhonn a mheas go bhfuil siad réasúnta, beidh bearta den sórt sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní bheidh siad bunaithe ar chúinsí tráchtála ach ar cheanglais cháilíochta seirbhíse chatagóirí sonracha tráchta atá éagsúil go hoibiachtúil. Le bearta den sórt sin, ní chumhdófar faireachán ar an ábhar sonrach agus ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá. Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná na bearta a leagtar amach sa dara fomhír, agus go háirithe ní dhéanfaidh siad ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó cineálacha sonracha díobh sin, a bhlocáil, a mhoilliú, a athrú, cur isteach air nó orthu, a shrianadh, a dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ach amháin go feadh an méid is gá, agus do thréimhse nach faide ná mar is gá, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar faoina réir atá soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, nó bearta a chomhlíonann dlí an Aontais lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear orduithe ó chúirteanna nó ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha;
(b)
sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear tríd an líonra sin, agus trealamh terminéil na n-úsáideoirí deiridh a chaomhnú;
(c)
plódú líonra atá ag bagairt a chosc agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí a éiríonn as plódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra, ar choinníoll go gcuirtear cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|