+Airteagal 3 Rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Rochtain oscailte ar an idirlíon a choimirciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Beidh sé de cheart ag úsáideoirí deiridh rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhar agus an fhaisnéis agus an t-ábhar sin a dháileadh, feidhmchláir agus seirbhísí a fheidhmiú, agus a úsáid agus an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid, beag beann ar shuíomh an úsáideora dheiridh nó an tsoláthraí, ar shuíomh, ar thionscnamh nó ar cheann scríbe na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchlair nó na seirbhíse, trína seirbhís rochtana ar an idrlíon. Tá an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta, a chomhlíonann dlí an Aontais a bhaineann le dlíthiúlacht an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Ní chuirfear teorainn ar fheidhmiú chearta úsáideoirí deiridh a leagtar síos i mír 1 le comhaontuithe idir soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus úsáideoirí deiridh a bhaineann le coinníollacha tráchtála agus teicniúla agus le saintréithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon amhail praghas, toirteanna sonraí nó luas sonraí, agus aon chleachtais tráchtála arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon cóir chomhionann ar an trácht ar fad, agus seirbhísí rochtana ar an idirlíon á soláthar, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach air, agus beag beann ar an seoltóir, ar an bhfaighteoir, ar an ábhar ar a bhfuarthas rochtain nó a leithdháileadh, ar na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáideadh nó a soláthraíodh, nó ar an trealamh teirminéil a úsáideadh. Ní chuirfidh an chéad fhomhír cosc ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon bearta um bhainistiú tráchta réasúnta a chur chun feidhme. D’fhonn a mheas go bhfuil siad réasúnta, beidh bearta den sórt sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní bheidh siad bunaithe ar chúinsí tráchtála ach ar cheanglais cháilíochta seirbhíse chatagóirí sonracha tráchta atá éagsúil go hoibiachtúil. Le bearta den sórt sin, ní chumhdófar faireachán ar an ábhar sonrach agus ní choimeádfar iad níos faide ná mar is gá. Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon bearta bainistithe tráchta a chur i bhfeidhm a théann níos faide ná na bearta a leagtar amach sa dara fomhír, agus go háirithe ní dhéanfaidh siad ábhar sonrach, feidhmchláir shonracha nó seirbhísí sonracha, nó cineálacha sonracha díobh sin, a bhlocáil, a mhoilliú, a athrú, cur isteach air nó orthu, a shrianadh, a dhíghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu, ach amháin go feadh an méid is gá, agus do thréimhse nach faide ná mar is gá, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
reachtaíocht an Aontais nó an reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, i gcomhréir le dlí an Aontais, ar faoina réir atá soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, nó bearta a chomhlíonann dlí an Aontais lena dtugtar éifeacht do reachtaíocht an Aontais nó do reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear orduithe ó chúirteanna nó ó údaráis phoiblí ag a bhfuil na cumhachtaí ábhartha;
(b)
sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear tríd an líonra sin, agus trealamh terminéil na n-úsáideoirí deiridh a chaomhnú;
(c)
plódú líonra atá ag bagairt a chosc agus maolú a dhéanamh ar éifeachtaí a éiríonn as plódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra, ar choinníoll go gcuirtear cóir chomhionann ar chatagóirí coibhéiseacha tráchta.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Ní fhéadfaidh próiseáil sonraí pearsanta bheith mar chuid d’aon beart bainistithe tráchta ach amháin má tá próiseáil den sórt sin riachtanach agus comhréireach chun na cuspóirí a leagtar amach i mír 3 a bhaint amach. Déanfar próiseáil den sórt sin i gcomhréir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
). Comhlíonfaidh bearta bainistithe tráchta Treoir 2002/58/CE ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) freisin.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon agus soláthraithe ábhair, feidhmchlár nó seirbhísí, beidh an tsaoirse acu seirbhísí a thairiscint seachas seirbhísí rochtana ar an idrlíon atá barrfheabhsaithe d’ábhar sonrach, d’feidhmchláir shonracha nó do sheirbhísí sonracha, nó teaglaim díobh sin, i gcás ina bhfuil an barrfheabhsú riachtanach le go gcomhlíonfaidh siad ceanglais an ábhair, na bhfeidhmchlár nó na seirbhísí le haghaidh leibhéal sonrach cáilíochta a bhaint amach. Maidir le soláthraithe cumarsáide leictreonaí don phobal, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ní fhéadfaidh siad seirbhísí den sórt sin a thairiscint nó a éascú ach amháin má tá dóthain acmhainne líonra ann chun iad a sholáthar de bhreis ar aon seirbhísí rochtana ar an idrlíon a sholáthraítear. Ní bheidh seirbhísí den sórt sin inúsáidte ná ní thairgfear iad in ionad seirbhísí rochtana ar an idrlíon, agus ní dhéanfar dochar leo d’infhaighteacht seirbhísí rochtana ar an idrlíon ná dá gcaighdeán ginearálta d’úsáideoirí deiridh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2120
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|