+Airteagal 4 Bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte ar an idirlíon a áirithiú.
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
|
Airteagal 4 Bearta trédhearcachta chun rochtain oscailte ar an idirlíon a áirithiú.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon go sonrófar in aon chonradh ina n-áirítear seirbhís rochtana ar an idrlíon an méid seo a leanas, ar a laghad:
(a)
faisnéis maidir leis an mbealach ina bhféadfadh bearta bainistithe tráchta arna gcur i bhfeidhm ag an soláthraí sin tionchar a bheith acu ar cháilíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, ar phríobháideachas na n-úsáideoirí deiridh agus ar chosaint a sonraí pearsanta;
(b)
míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon teorainn le toirt, luas agus air eile i leith cháilíocht na seirbhíse, tionchar a bheith acu i bpraitic ar na seirbhísí rochtana ar an idrlíon, go háirithe ar úsáid an ábhair, na bhfeidhmchlár agus na seirbhísí;
(c)
míniú soiléir sothuigthe ar an gcaoi ina bhféadfadh aon cheann de na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 3(5), dá suibscríobhann an t-úsáideoir deiridh a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu i bpraitic ar sheirbhísí rochtana ar an idrlíon an úsáideora deiridh sin;
(d)
míniú soiléir sothuigthe maidir le h uasluas íoslódála agus uaslódála agus fógraithe na seirbhísí rochtana ar an idrlíon a bhíonn ar fáil de ghnáth i gcás líonraí fosaithe, nó uasluas measta íoslódála agus uaslódála fógraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon i gcás líonraí soghluaiste, agus faoin tslí arbh fhéidir le himeachtaí suntasacha ó na luasanna uaslódála agus íoslódála a fhógraítear faoi seach tionchar a imirt ar fheidhmiú chearta na n-úsáideoirí deiridh a leagtar síos in Airteagal 3(1);
(e)
míniú soiléir sothuigthe ar na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i gcás aon neamhréireachta atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus an fheidhmíocht arna cur in iúl i gcomhréir le pointí (a) go (d).
Foilseoidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Cuirfidh soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idrlíon nósanna imeachta atá trédhearcach, simplí agus éifeachtach i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin ó úsáideoirí deiridh a bhaineann leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3 agus i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Tá na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear i dTreoir 2002/22/CE agus ní chuirfidh siad cosc ar na Ballstáit ceanglais bhreise faireacháin, faisnéise agus trédhearcachta a thabhairt isteach nó a choimeád, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hábhar, foirm agus modh na faisnéise atá le foilsiú. Beidh na ceanglais sin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na forálacha ábhartha i dTreoir 2002/21/CE agus Treoir 2002/22/CE.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Maidir le haon neamhréireacht shuntasach, atá leanúnach nó a athfhilleann go rialta, idir feidhmíocht iarbhír na seirbhíse rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó le paraiméadair eile i leith cháilíocht na seirbhíse agus feidhmíocht na seirbhíse rochtana ar an idirlíon arna cur in iúl ag an soláthraí seirbhísí rochtana ar an idirlíon i gcomhréir le pointí (a) go (d) de mhír 1, i gcás ina suífidh sásra faireacháin, arna deimhniú ag údarás náisiúnta rialála, na fíricí ábhartha, measfar í a bheith ina neamhchomhréireacht feidhmíochta chun críocha na réitigh atá ar fáil don tomhaltóir a ghníomhachtú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir leis na conarthaí a thabharfar i gcrích nó a dhéanfar a athnuachan ón 29 Samhain 2015.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2120
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|