|
+Airteagal 6 Pionóis |
Airteagal 6 PionóisAirteagal 6 Pionóis Leagfaidh Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus glacfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra faoi na rialacha agus na bearta sin don Choimisiún faoin 30 Aibreán 2016 agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfadh difear dóibh. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar Airteagal 5a seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin 15 Bealtaine 2019 faoi na rialacha agus na bearta a leagfar síos chun cur chun feidhme Airteagal 5a a áirithiú agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|