|
+Airteagal 2 2. |
Airteagal 2 2.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach acu agus maidir le comharchumainn a chorpraítear mar cheann amháin de na cineálacha cuideachta a liostaítear in Iarscríbhinn I. A mhéid a bhaintear leas, i ndlíthe na mBallstát, as an rogha sin, ceanglófar ar chuideachtaí den sórt sin, leis na dlíthe sin, an leagan cuí gramadaí de na focail “cuideachta infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach aici” nó “comharchumann” a áireamh sna doiciméid uile dá dtagraítear in Airteagal 26. Ciallaíonn an téarma “cuideachta infheistíochta a bhfuil caipiteal athraitheach aici” de réir bhrí na Treorach seo na cuideachtaí seo a leanas, agus na cuideachtaí sin amháin:
—
a bhfuil sé mar chuspóir eisiach acu a gcuid cistí a infheistiú i stoic agus scaireanna éagsúla, talamh nó sócmhainní eile agus é d'aidhm aonair leis sin rioscaí infheistíochta a leathadh agus tairbhe na dtorthaí ar bhainistiú a gcuid sócmhainní a thabhairt dá scairshealbhóirí,
—
a thairgeann a gcuid scaireanna dílse le gur féidir leis an bpobal suibscríobh, agus
—
a bhforáiltear lena reachtanna, laistigh de theorainneacha de chaipiteal íosta agus uasta, go bhféadfaidh siad, tráth ar bith, a gcuid scaireanna a eisiúint, a fhuascailt nó a athdhíol.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|