|
+Airteagal 60 1. |
Airteagal 60 1.Gan dochar do phrionsabal na córa comhionainne maidir leis na scairshealbhóirí uile a bhfuil an seasamh céanna acu, agus gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do chuideachta a scaireanna dílse a fháil, tríthi féin nó trí dhuine atá ag ghníomhú ina ainm féin ach ar son na cuideachta. A mhéid a cheadaítear na héadálacha, cuirfidh na Ballstáit faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas iad:
(a)
tugtar údarú ag an gcruinniú ginearálta, ar a gcinnfear téarmaí agus coinníollacha éadálacha den sórt sin, agus, go háirithe, líon uasta na scaireanna a bheidh le fáil, fad na tréimhse a dtabharfar an t-údarú ina leith, a gcinnfear a fad uasta leis an dlí náisiúnta nach mbeidh níos faide ná cúig bliana áfach, agus, i gcás éadálacha ar mhaithe le luach, an chomaoin uasta agus an chomaoin íosta. Beidh comhaltaí an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta sásta go ndéantar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) a urramú tráth a dhéantar gach éadáil údaraithe;
(b)
ní féidir leis na héadálacha, lena n-áirítear na héadálacha a fuair an chuideachta roimhe sin agus atá ina seilbh aici, ná le scaireanna a fuair duine ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta, na glansócmhainní a laghdú faoi bhun an mhéid dá dtagraítear in Airteagal 56(1) agus (2); agus
(c)
ní féidir a áireamh san idirbheart ach scaireanna láníoctha. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit éadálacha de réir bhrí na chéad fhomhíre a chur faoi réir aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní théann an luach ainmniúil nó, murab ann dó, parluach cuntasach na scaireanna a fuarthas, lena n-áirítear na scaireanna a fuair an chuideachta roimhe seo agus a choinnigh iad, agus scaireanna a fuair duine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta, thar teorainn a chinnfidh na Ballstáit; ní fhéadfaidh an teorainn sin bheith níos ísle ná 10 % den chaipiteal suibscríofa;
(b)
tá cumhacht na cuideachta chun a scaireanna dílse a fháil de réir bhrí na chéad fhomhíre, an t-uaslíon scaireanna atá le fáil, fad na tréimhse dá dtabharfar an chumhacht agus an chomaoin uasta nó an chomaoin íosta leagtha síos i reachtanna na cuideachta nó in ionstraim corpraithe na cuideachta;
(c)
comhlíonann an chuideachta ceanglais iomchuí tuairiscithe agus fógra;
(d)
is féidir a chur de cheangal ar chuideachtaí áirithe, mar a chinnfidh na Ballstáit, na scaireanna a fuarthas a chur ar ceal ar an gcoinníoll go ndéantar méid comhionann le luach ainmniúil na scaireanna a cuireadh ar ceal a áireamh i gcúlchiste nach féidir a scaipeadh ar na scairshealbhóirí, seachas i gcás laghdú sa chaipiteal suibscríofa; ní fhéadfar an cúlchiste sin a úsáid ach amháin chun críocha an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú cúlchistí;
(e)
ní dhéanann an éadáil dochar do shásamh éileamh na gcreidiúnaithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|