|
+Airteagal 61 1. |
Airteagal 61 1.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan Airteagal 60 a chur i bhfeidhm maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
scaireanna a fuarthas agus cinneadh chun caipiteal a laghdú á chur i gcrích nó sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 82;
(b)
scaireanna a fuarthas mar thoradh ar aistriú uilíoch sócmhainní;
(c)
scaireanna íoctha go hiomlán a fuarthas saor in aisce nó a fuair bainc agus institiúidí airgeadais eile mar choimisiún ceannaigh;
(d)
scaireanna a fuarthas de bhun oibleagáid dhlíthiúil nó mar thoradh ar rialú ón gcúirt le haghaidh scairshealbhóirí mionlaigh, i gcás, go háirithe, cumaisc, athrú i gcuspóir nó i bhfoirm na cuideachta, aistriú thar lear na hoifige cláraithe nó tabhairt isteach srianta ar aistriú scaireanna;
(e)
scaireanna a fuarthas ó scairshealbhóir i gcás mainneachtain iad a íoc;
(f)
scaireanna a fuarthas d'fhonn scairshealbhóirí mionlaigh i gcuideachtaí comhlachaithe a shlánú;
(g)
scaireanna íoctha go hiomlán a fuarthas faoi dhíol a forfheidhmíodh le hordú cúirte le haghaidh íocaíocht fiachais a dhlítear don chuideachta ó úinéir na scaireanna; agus
(h)
scaireanna íoctha go hiomlán a d'eisigh cuideachta infheistíochta le caipiteal seasta, mar a shainmhínítear sa dara fomhír d'Airteagal 56(7), agus a fuair an chuideachta sin nó cuideachta chomhlachaithe arna iarraidh sin don infheisteoir. Beidh feidhm ag pointe (a) den tríú fomhír d'Airteagal 56(7). Féadfaidh nach mbeidh sé d'éifeacht ag éadálacha den sórt sin na glansócmhainní a laghdú, ar glansócmhainní iad atá faoi bhun mhéid an chaipitil shuibscríofa móide aon chúlchistí a thoirmisctear a scaipeadh leis an dlí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|