|
+Airteagal 78 Caipiteal suibscríofa a fhuascailt gan laghdú |
Airteagal 78 Caipiteal suibscríofa a fhuascailt gan laghdúAirteagal 78 Caipiteal suibscríofa a fhuascailt gan laghdú I gcás ina n-údaraítear le dlíthe Ballstáit go ndéantar an caipiteal suibscríofa a fhuascailt go hiomlán nó go páirteach gan an caipiteal sin a laghdú, ceanglófar leo ar a laghad go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
I gcás ina bhforáiltear leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe d'fhuascailt, déanfar cinneadh i ndáil leis sin ag an gcruinniú ginearálta ag vótáil ar a laghad faoi na gnáthchoinníollacha córaim agus tromlaigh; i gcás nach bhforáiltear leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe d'fhuascailt, déanfar cinneadh i ndáil leis sin ag an gcruinniú ginearálta ag gníomhú ar a laghad faoi na coinníollacha córaim agus tromlaigh a leagtar síos in Airteagal 83; foilseofar an cinneadh ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 16;
(b)
is iad suimeanna atá ar fáil lena ndáileadh de réir bhrí Airteagal 56(1) go (4), agus iad sin amháin, a fhéadfar a úsáid chun críocha fuascailte;
(c)
coinneoidh scairshealbhóirí a ndéanfar a scaireanna a fhuascailt a gcearta sa chuideachta, ach amháin a gcearta chun aisíocaíocht a n-infheistíochta agus chun páirt a ghlacadh i ndáileadh díbhinne tosaigh maidir le scaireanna neamhfhuascailte. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|