|
+Airteagal 79 1. |
Airteagal 79 1.I gcás ina bhféadfar, le dlíthe Ballstáit, a cheadú do chuideachtaí a gcaipiteal suibscríofa a laghdú trí tharraingt siar éigeantach scaireanna, ceanglófar leo go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a)
caithfear tarraingt siar éigeantach a fhorordú nó a údarú leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe roimh shuibscríobh a bheith déanta i leith na scaireanna atá le tarraingt siar;
(b)
i gcás ina n-údaraítear an tarraingt siar éigeantach leis na reachtanna nó leis an ionstraim chorpraithe amháin, déanfar an cinneadh faoi ag an gcruinniú ginearálta ach amháin má d'fhormheas na scairshealbhóirí lena mbaineann é d'aon toil;
(c)
is é comhlacht na cuideachta a dhéanfaidh an cinneadh faoin tarraingt siar éigeantach a shocróidh na téarmaí agus an chuma a bheidh air, i gcás nár socraíodh iad cheana féin leis na reachtanna ná leis an ionstraim chorpraithe;
(d)
beidh feidhm ag Airteagal 75 ach amháin i gcás scaireanna atá íoctha go hiomlán agus a chuirfear ar fáil don chuideachta saor in aisce nó a tharraingeofar siar agus úsáid á baint as suimeanna atá ar fáil do dháileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4); i gcásanna eile, ní foláir méid atá comhionann leis an luach ainmniúil nó, in éagmais é sin, le parluach cuntasach na scaireanna ar fad arna dtarraingt siar a áireamh i gcúlchiste; seachas i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa, ní fhéadfar an cúlchiste sin a dháileadh ar na scairshealbhóirí; ní féidir é a úsáid ach chun caillteanais a fhritháireamh nó chun an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú an chúlchiste sin, a mhéid a cheadóidh na Ballstáit an oibríocht sin; agus
(e)
foilseofar an cinneadh maidir le tarraingt siar éigeantach ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|