|
+Airteagal 82 Coinníollacha le haghaidh scaireanna a fhuascailt |
Airteagal 82 Coinníollacha le haghaidh scaireanna a fhuascailtAirteagal 82 Coinníollacha le haghaidh scaireanna a fhuascailt Nuair a údaraítear do chuideachtaí, le dlíthe Ballstáit, scaireanna infhuascailte a eisiúint, ceanglófar leo go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas, ar a laghad, chun na scaireanna sin a fhuascailt:
(a)
ní foláir go n-údarófar fuascailt le reachtanna nó le hionstraim chorpraithe na cuideachta roimh na scaireanna infhuascailte a shuibscríobh;
(b)
ní foláir go n-íocfar na scaireanna go hiomlán;
(c)
ní foláir go leagfar síos téarmaí agus bealach na fuascailte i reachtanna nó in ionstraim chorpraithe na cuideachta;
(d)
ní féidir fuascailt a chur i gcrích ach trí úsáid a bhaint as suimeanna atá ar fáil lena ndáileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4) nó fáltais eisiúna nua a dhéanfar d'fhonn an fhuascailt sin a chur i gcrích;
(e)
ní foláir méid atá comhionann leis an luach ainmniúil nó, ina éagmais sin, le parluach cuntasach na scaireanna fuascailte go léir a áireamh i gcúlchiste nach féidir a dháileadh ar na scairshealbhóirí, seachas i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa; ní fhéadfar é a úsáid ach amháin chun críocha an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chaipitliú cúlchistí;
(f)
ní bheidh feidhm ag pointe (e) maidir le fuascailt agus úsáid á baint as fáltais eisiúna nua a dhéanfar d'fhonn an fhuascailt sin a chur i gcrích;
(g)
nuair a fhoráiltear do phréimh a íoc le scairshealbhóirí mar thoradh ar fhuascailt, ní fhéadfar an phréimh a íoc ach ó shuimeanna atá ar fáil lena ndáileadh i gcomhréir le hAirteagal 56(1) go (4), nó ó chúlchiste eile seachas an cúlchiste dá dtagraítear i bpointe (e) den Airteagal seo nach féidir a dháileadh ar na scairshealbhóirí ach amháin i gcás laghdú ar an gcaipiteal suibscríofa; ní fhéadfar an cúlchiste sin a úsáid ach chun críocha an caipiteal suibscríofa a mhéadú trí chúlchistí a chaipitliú nó chun na costais dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 4 nó an costas ar scaireanna nó bintiúir a eisiúint a chlúdach nó chun préimh a íoc le sealbhóirí scaireanna nó bintiúr infhuascailte;
(h)
foilseofar an fógra fuascailte ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|