+Airteagal 86e Tuarascáil na comhlachta bainistíochta nó riaracháin chuig comhaltaí agus chuig fostaithe
---+Airteagal 86e 1.
---+Airteagal 86e 2.
---+Airteagal 86e 3.
---+Airteagal 86e 4.
---+Airteagal 86e 5.
---+Airteagal 86e 6.
---+Airteagal 86e 7.
---+Airteagal 86e 8.
---+Airteagal 86e 9.
---+Airteagal 86e 10.

Airteagal 86e Tuarascáil na comhlachta bainistíochta nó riaracháin chuig comhaltaí agus chuig fostaithe

Tuarascáil na comhlachta bainistíochta nó riaracháin chuig comhaltaí agus chuig fostaithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 86e 1.
Déanfaidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta tuarascáil a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe ina dtugtar míniú agus bonn cirt le gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha an chomhshó trasteorann, agus ina dtugtar míniú ar impleachtaí an chomhshó trasteorann d'fhostaithe.

Míneoidh sí, ach go háirithe, impleachtaí an chomhshó trasteorann do ghnó na cuideachta amach anseo.

Airteagal 86e 2.
Áireofar roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe sa tuarascáil freisin.

Féadfaidh an chuideachta a chinneadh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leithligh a tharraingt suas do chomhaltaí agus d'fhostaithe, faoi seach, ina mbeidh an roinn ábhartha.

Airteagal 86e 3.

Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a) 

an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh leis an cúiteamh airgid a ríomh;

(b) 

impleachtaí an chomhshó trasteorann do chomhaltaí;

(c) 

na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 86i.

Airteagal 86e 4.
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí uile na gcuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí comhalta aonbhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.
Airteagal 86e 5.

Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe míneofar go háirithe an méid seo a leanas:

(a) 

impleachtaí an chomhshó trasteorann ar chaidrimh fostaíochta, mar aon le, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun na caidrimh sin a choimirciú;

(b) 

aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh láithreacha gnó na cuideachta;

(c) 

conas freisin a dhéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) difear d'fhochuideachtaí ar bith de chuid na cuideachta.

Airteagal 86e 6.
Cuirfear an tuarascáil nó na tuarascálacha ar fáil in aon chás go leictreonach, in éineacht le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, má tá fáil orthu, do na comhaltaí agus d'ionadaithe na bhfostaithe nó, sa chás nach bhfuil ionadaithe ar bith dá leithéid ann, do na fostaithe iad féin, nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.
Airteagal 86e 7.
I gcás ina bhfaighidh comhlacht bainistíochta nó comhlacht riaracháin na cuideachta tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am iomchuí ó ionadaithe na bhfostaithe nó, i gcás nach ann d'aon ionadaí den sórt sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoi réir dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil í.
Airteagal 86e 8.
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil aon fhostaithe ag cuideachta ná ag a fochuideachtaí, más ann dóibh, cé is moite díobh sin ar cuid den chomhlacht bainistíochta nó riaracháin iad.
Airteagal 86e 9.
I gcás ina ndéanfar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 agus nach bhfuil gá leis an roinn d'fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 faoi mhír 7, ní bheidh gá leis an tuarascáil.
Airteagal 86e 10.
Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar don fhaisnéis is infheidhme agus do chearta comhairliúcháin agus do nósanna imeachta dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Threoir 2002/14/CE agus Threoir 2009/38/CE a thrasuí.

shaineolaí neamhspleách

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.