|
+Airteagal 86g 3. |
Airteagal 86g 3.I gcás ina gcuireann an chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sí isteach i gclár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis seo a leanas tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:
(a)
an fhoirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta agus suíomh a hoifige cláraithe sa Bhallstát imeachta agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe sa Bhallstát sin;
(b)
an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta agus a huimhir chláraithe sa chlár sin;
(c)
léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus
(d)
mionsonraí an tsuímh ghréasáin ónar féidir teacht ar líne agus saor in aisce ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus ar thuarascáil an tsaineolaí agus ar fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo. Cuirfidh clár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|