+Airteagal 86g Nochtadh
---+Airteagal 86g 1.
---+Airteagal 86g 2.
---+Airteagal 86g 3.
---+Airteagal 86g 4.
---+Airteagal 86g 5.
---+Airteagal 86g 6.
|
Airteagal 86g Nochtadh
Nochtadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 86g 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chuideachta na doiciméid a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár an Bhallstát imeachta, aon mhí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:
(a)
dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann; agus
(b)
fógra lena chuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann a chur faoi bhráid na cuideachta, laistigh de cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfar an tuarascáil ó shaineolaí neamhspleách a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí sa chlár.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh thuarascáil an tsaineolaí neamhspleách.
Beidh teacht ar na doiciméid arna nochtadh i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.
|
|
Airteagal 86g 2.
|
Is féidir leis na Ballstáit cuideachta a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, más rud é, ar feadh tréimhse leanúnach dar tús tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, go gcuirfidh an chuideachta sin na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin, áfach, faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na cinn sin atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, atá i gcomhréir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.
|
|
Airteagal 86g 3.
|
I gcás ina gcuireann an chuideachta dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, cuirfidh sí isteach i gclár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis seo a leanas tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h:
(a)
an fhoirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta agus suíomh a hoifige cláraithe sa Bhallstát imeachta agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm atá beartaithe don chuideachta chomhshóite sa Bhallstát cinn scríbe agus suíomh beartaithe a hoifige cláraithe sa Bhallstát sin;
(b)
an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta agus a huimhir chláraithe sa chlár sin;
(c)
léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus
(d)
mionsonraí an tsuímh ghréasáin ónar féidir teacht ar líne agus saor in aisce ar dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, ar an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 agus ar thuarascáil an tsaineolaí agus ar fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo.
Cuirfidh clár an Bhallstáit imeachta an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 86g 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a chomhlíonadh ar líne go hiomlán gan ar na hiarrthóirí a bheith i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát imeachta, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal I.
|
|
Airteagal 86g 5.
|
D'fhéadfadh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, a cheangal go ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a fhoilsiú ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán lárnach leictreonach.
|
|
Airteagal 86g 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár. Maidir le haon táillí a ghearrfaidh na cláir um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3 ar an gcuideachta agus, i gcás arb infheidhme, i leith an fhoilsithe dá dtagraítear i mír 5, áiritheoidh na Ballstáit freisin nach mbeidh na táillí sin níos mó ná aisghabháil an chostais as seirbhísí den sórt sin a chur ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|