+Airteagal 86j Creidiúnaithe a chosaint
---+Airteagal 86j 1.
---+Airteagal 86j 2.
---+Airteagal 86j 3.
---+Airteagal 86j 4.
|
Airteagal 86j Creidiúnaithe a chosaint
Creidiúnaithe a chosaint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 86j 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit foráil do chóras leordhóthanach cosanta maidir le leasanna creidiúnaithe, a ndearnadh a n‐éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann agus nach mbeidh dlite ag tráth an nochta sin. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le creidiúnaithe nach bhfuil sásta leis na coimircí arna dtairiscint i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, dá bhforáiltear i bpointe (f) d'Airteagal 86d iarratas a chur isteach, laistigh de thrí mhí ó nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 86g, chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leis na creidiúnaithe sin a léiriú go hinchreidte go bhfuil sásamh a n‐éileamh i dtreis agus nach bhfuair siad aon choimircí leordhóthanacha ón gcuideachta, de bharr an chomhshó thrasteorann. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na coimircí ag brath ar theacht i bhfeidhm an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86q.
|
|
Airteagal 86j 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfidh comhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta dearbhú ar fáil ina léireofar go cruinn a stádas airgeadais ag dáta nach mbeidh níos luaithe ná aon mhí amháin roimh nochtadh an dearbhaithe sin. Luafar sa dearbhú, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil do chomhlacht bainistíochta nó riaracháin na cuideachta ar dháta an dearbhaithe sin, agus tar éis fiosruithe réasúnacha a dhéanamh, nach eol don chomhlacht bainistíochta nó riaracháin cúis ar bith nach mbeadh an chuideachta, tar éis theacht i bhfeidhm an chomhshó, in ann a dliteanais a chomhlíonadh tráth a bheadh na dliteanais sin iníoctha. Déanfar an dearbhú a nochtadh mar aon le dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 86g.
|
|
Airteagal 86j 3.
|
Beidh míreanna 1 agus 2 gan dochar do chur i bhfeidhm dhlí an Bhallstáit imeachta maidir le sásamh nó daingniú i dtaobh na na n‐oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí.
|
|
Airteagal 86j 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh creidiúnaithe a ndearnadh a n‐éilimh roimh nochtadh dhréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann, imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na cuideachta atá sa Bhallstát imeachta freisin laistigh de dhá bhliain ón dáta a tháinig an comhshó i bhfeidhm, gan dochar do na rialacha dlínse a eascróidh ó dhlí an Aontais nó ó dhlí náisiúnta nó ó chomhaontú conarthach. Beidh an rogha chun imeachtaí dá sórt a thionscnaimh sa bhreis ar rialacha eile maidir leis an rogha dlínse is infheidhme de bhun dhlí an Aontais
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|