+Airteagal 86m Deimhniú réamh-chomhshó
---+Airteagal 86m 1.
---+Airteagal 86m 2.
---+Airteagal 86m 3.
---+Airteagal 86m 4.
---+Airteagal 86m 5.
---+Airteagal 86m 6.
---+Airteagal 86m 7.
---+Airteagal 86m 8.
---+Airteagal 86m 9.
---+Airteagal 86m 10.
---+Airteagal 86m 11.
---+Airteagal 86m 12.
|
Airteagal 86m Deimhniú réamh-chomhshó
Deimhniú réamh-chomhshó
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 86m 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile atá inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na gcomhshónna trasteorann maidir leis na coda sin den nós imeachta a rialaítear ag dlí an Bhallstáit imeachta agus chun deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha go léir agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí sa Bhallstát imeachta (“an t-údarás inniúil”). D'fhéadfadh amhail cur i gcrích na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí an bonn a bhaint de shástacht nó de dhaingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid atá dlite do chomhlachtaí poiblí nó do chomhlíonadh na gceanglas earnálach sonracha, lena n‐áirítear oibleagáidí a eascraíonn as imeachtaí leanúnacha a dhaingniú.
|
|
Airteagal 86m 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil:
(a)
dréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann;
(b)
an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 86e, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 86f, ach iad a bheith ar fáil;
(c)
aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 86g(1); agus
(d)
faisnéis maidir le formheas an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 86h.
|
|
Airteagal 86m 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ón gcuideachta ar dheimhniú réamh-chomhshó a fháil, amhail, go háirithe:
(a)
ar líon na bhfostaithe tráth ina ndéanfar dréacht-téarmaí an chomhshó thrasteorann a tharraingt suas;
(b)
fochuideachtaí a bheith ann, más ann dóibh, agus a suíomhanna geografacha faoi seach;
(c)
faisnéis maidir le sásamh na n‐oibleagáidí atá dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta.
Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin a iarraidh ar údaráis ábhartha eile, mura ndéanfar í a chur ar fáil ag an gcuideachta.
|
|
Airteagal 86m 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, go bhféadfar an t‐iarratas sin a chomhlánú ar líne ina iomláine gan gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir le forálacha ábhartha Chaibidil III de Theideal 1.
|
|
Airteagal 86m 5.
|
Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 861, déanfaidh an t‐údarás inniúil sa Ballstát imeachta a fhíorú go n‐áireofar i ndréacht-téarmaí an chomhshó trasteorann faisnéis maidir leis na nósanna imeachta trína ndéanfar na socruithe ábhartha a chinneadh agus maidir leis na roghanna féideartha le haghaidh socruithe dá leithéid.
|
|
Airteagal 86m 6.
|
Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an fhaisnéis a leanas:
(a)
doiciméid agus faisnéis uile arna dtíolacadh chuig an údarás inniúil i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3;
(b)
tásc ón gcuideachta go bhfuil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 86l(3) agus in Airteagal 86l(4) tionscanta, nuair is ábhartha.
|
|
Airteagal 86m 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích faoi cheann trí mhí tar éis dháta fála na ndoiciméad agusna faisnéise maidir le formheas an chomhshó trasteorann ag cruinniú ginearálta na cuideachta. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:
(a)
i gcás ina gcinnfear go ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó;
(b)
i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an comhshó trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus nach bhfuil na nósanna imeachta agus/nó na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.
|
|
Airteagal 86m 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamh-chomhshó a eisiúint nuair a chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a bunaíodh tá an comhshó trasteorann a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n‐eascraíonn bealaí chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla.
|
|
Airteagal 86m 9.
|
Más rud é, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais bunaíodh an comhshó trasteorann, a bhfuil mar aidhm leis nó arb as a n‐eascraíonn bealaí chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a sheachaint nó a dhul timpeall orthu, nó chun críocha coiriúla, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha tosca táscacha nach ndéanfar a bhreithniú ina n‐aonar agus a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas ina dtaobh, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Déanfar an measúnú ar bhonn cás ar chás chun críocha na míre seo, trí nós imeachta arna rialú faoin dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 86m 10.
|
I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha breise a dhéanamh, féadfar síneadh ama trí mhí bhreise ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí dá bhforáiltear i mír 7.
|
|
Airteagal 86m 11.
|
I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh faoin spriocdháta dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 de bharr chastacht nós imeachta an chomhshó trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna maidir le haon mhoill roimh dhul in éag na spriocdhátaí sin.
|
|
Airteagal 86m 12.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla a bhaineann leis an gcomhshó trasteorann, lena n‐áirítear iad sin ón mBallstát cinn scríbe, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá riachtanach chun an grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht an chomhshó trasteorann a chur i gcrích, laistigh den chreat nós imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|