|
+Airteagal 86p 2. |
Airteagal 86p 2.Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear isteach an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ina gcláir:
(a)
i gclár an Bhallstáit cinn scríbe, gur de thoradh comhshó trasteorann é clárú na cuideachta comhshóite;
(b)
i gclár an Bhallstáit cinn scríbe, dáta cláraithe na cuideachta comhshóite;
(c)
i gclár an Bhallstáit imeachta, gur de thoradh comhshó trasteorann é baint na cuideachta den chlár;
(d)
i gclár an Bhallstáit imeachta, dáta bhaint na cuideachta den chlár;
(e)
i gcláir an Bhallstáit imeachta agus an Bhallstáit cinn scríbe faoi seach, uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta agus uimhir chláraithe, ainm agus foirm dhlíthiúil na cuideachta comhshóite. Cuirfidh na cláir an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil go poiblí agus inrochtana trí chóras idirnascadh na gclár. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|