+Airteagal 93 Gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta
---+Airteagal 93 1.
---+Airteagal 93 2.
---+Airteagal 93 3.
|
Airteagal 93 Gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta
Gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc a fhormheas ag an gcruinniú ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 93 1.
|
Ceanglófar ar a laghad, i gcás cumaisc, formheas gach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc arna thabhairt ag an gcruinniú ginearálta. Forálfar le dlíthe na mBallstát go gceanglófar tromlach leis an gcinneadh formheasa seo nach lú é ná dhá thrian de na vótaí a ghabhann leis na scaireanna nó leis an gcaipiteal suibscríofa a ndéantar ionadaíocht dó. Féadfar a fhoráil le dlíthe Ballstáit, áfach, go mbeidh tromlach simplí na vótaí a shonraítear sa chéad fhomhír leordhóthanach nuair a dhéantar ionadaíocht do leath den chaipiteal suibscríofa ar a laghad. Thairis sin, i gcás inarb iomchuí, beidh feidhm ag na rialacha lena rialaítear athruithe ar an meabhrán comhlachais agus ar na hairteagail chomhlachais.
|
|
Airteagal 93 2.
|
I gcás inarb ann do níos mó ná aicme amháin scaireanna, beidh an cinneadh a bhaineann le cumasc faoi réir vóta ar leithligh ag gach aicme scairshealbhóirí ar a laghad a ndéanann an t-idirbheart difear dá gcuid ceart.
|
|
Airteagal 93 3.
|
Cumhdófar leis an gcinneadh formheas dréacht-téarmaí an chumaisc mar aon le haon athruithe ar an meabhrán comhlachais agus ar na hairteagail chomhlachais a mbeidh gá leo mar gheall ar an gcumasc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|