|
+Airteagal 108 1. |
Airteagal 108 1.I ndlíthe na mBallstát, féadfar rialacha maidir le neamhniú a leagan síos le haghaidh cumasc i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas, agus leo sin amháin:
(a)
tá neamhniú le hordú i mbreithiúnas ó chúirt;
(b)
cumaisc ar ghabh éifeacht leo de bhun Airteagal 103, féadfar a dhearbhú go bhfuil siad ar neamhní mura ndearnadh aon mhaoirseacht choisctheach riaracháin nó bhreithiúnach ar a ndlíthiúlacht, agus sna cásanna sin amháin, nó murar tarraingíodh suas iad agus murar deimhníodh iad i bhfoirm chuí dlí, nó má léirítear go bhfuil cinneadh an chruinnithe ghinearálta ar neamhní nó in-neamhnithe faoin dlí náisiúnta;
(c)
ní fhéadfar imeachtaí neamhnithe a thionscnamh breis agus sé mhí tar éis an dáta a ngabhann éifeacht leis an gcumasc amhail i gcoinne an duine a líomhnaíonn neamhniú nó i gcás inar cuireadh an staid ina ceart;
(d)
i gcás inar féidir locht a leigheas chun cumasc a chur ar neamhní, tá an chúirt inniúil le tréimhse ama a dheonú do na cuideachtaí lena mbaineann chun an staid a chur ina ceart;
(e)
tá breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil cumasc ar neamhní le bheith foilsithe ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 16;
(f)
i gcás ina gceadaítear le dlíthe Ballstáit do thríú páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne breithiúnas den sórt sin, ní fhéadfaidh an páirtí sin déanamh amhlaidh ach amháin laistigh de shé mhí ó fhoilsiú an bhreithiúnais ar an mbealach a fhorordaítear le Roinn 1 de Chaibidil III de Theideal I;
(g)
le breithiúnas lena ndearbhaítear go bhfuil cumasc ar neamhní, ní dhéantar difear do bhailíocht oibleagáidí atá ar an gcuideachta éadála nó i ndáil leo a d'eascair sular foilsíodh an breithiúnas agus tar éis an dáta a ngabhfaidh éifeacht leis an gcumasc; agus
(h)
tá cuideachtaí ar pháirtithe de chumasc iad faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i dtaca le hoibleagáidí na cuideachta éadála dá dtagraítear i bpointe (g). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|