|
+Airteagal 119 Sainmhínithe |
Airteagal 119 SainmhínitheAirteagal 119 Sainmhínithe Chun críocha na Caibidle seo:
(1)
ciallaíonn “cuideachta faoi dhliteanas teoranta”, dá ngairtear “cuideachta” anseo feasta:
(a)
cuideachta de chineál a liostaítear in Iarscríbhinn II; nó
(b)
cuideachta a bhfuil scairchaipiteal agus a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aici, agus a bhfuil a sócmhainní ar leith aici nach n-úsáidtear ach iad chun a cuid fiacha a chlúdach agus atá faoi réir coinníollacha, faoin dlí náisiúnta lena rialaítear í, is coinníollacha maidir le ráthaíochtaí amhail na coinníollacha dá bhforáiltear faoi Roinn 2 de Chaibidil II de Theideal I agus Roinn 1 de Chaibidil III de Theideal I maidir le leasanna comhaltaí agus daoine eile a chosaint;
(2)
ciallaíonn “cumasc” oibríocht trína ndéantar an méid seo a leanas:
(a)
aistríonn cuideachta amháin nó níos mó, ar í nó iad a dhíscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig cuideachta eile atá ann cheana, an chuideachta éadála, mar mhalairt ar 'urrúis nó scaireanna a eisiúint lena gcomhaltaí arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta eile agus, más infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil, nó, in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasaíochta na scaireanna nó na n-urrús sin; nó
(b)
aistríonn dhá chuideachta nó níos mó, ar iad a dhíscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig cuideachta a fhoirmíonn siad, an chuideachta nua, mar mhalairt ar urrúis nó scaireanna a eisiúint lena gcomhaltaí arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta eile agus, más infheidhme, íocaíocht in airgead tirim nach mó ná 10 % den luach ainmniúil, nó, in éagmais luach ainmniúil, parluach cuntasaíochta na scaireanna nó na n-urrús sin; nó
(c)
aistríonn cuideachta, ar í a dhíscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus dliteanais uile chuig an gcuideachta a bhfuil na hurrúis nó na scaireanna uile ina seilbh aici arb ionann iad agus a caipiteal. ►M3 ; nó ◄
(d)
aistríonn aon chuideachta amháin nó níos mó ná sin, tar éis di a bheith díscaoilte gan a bheith leachtaithe, a sócmhainní agus a dliteanais go léir chuig cuideachta eile, an chuideachta éadála, gan an chuideachta éadála scaireanna nua a eisiúint, ar choinníoll go bhfuil seilbh go díreach nó go hindíreach ag duine amháin ar na scaireanna go léir sna cuideachtaí atá ag cumasc nó tá seilbh ag comhaltaí na gcuideachtaí atá ag cumasc de réir an chion chéanna i ngach ceann de na cuideachtaí atá ag cumasc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|