|
+Airteagal 122 Dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumasc trasteorann |
Airteagal 122 Dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumasc trasteorannAirteagal 122 Dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumasc trasteorann Déanfaidh orgán bainistíochta nó riaracháin gach cinn de na cuideachtaí atá ag cumasc dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann a tharraingt suas. Áireofar na sonraí seo a leanas ar a laghad sna dréacht-téarmaí comhchoiteanna cumaisc thrasteorann:
(a)
maidir le gach ceann de na cuideachtaí cumaisc, a foirm dhlíthiúil agus a hainm, agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm beartaithe don chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann agus an suíomh beartaithe dá hoifig chláraithe;
(b)
an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta agus méid aon íocaíochta airgid, i gcás inarb iomchuí;
(c)
na téarmaí i ndáil le leithroinnt urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;
(d)
impleachtaí dóchúla an chumaisc thrasteorann ar an bhfostaíocht;
(e)
an dáta óna bhfuil sealbhóirí na n-urrús sin nó na scaireanna sin a léiríonn caipiteal na cuideachta i dteideal brabús a roinnt, de bhrí gur sealbhóirí iad, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéantar difear don teidlíocht sin;
(f)
an dáta óna gcaithfear le hidirbhearta na gcuideachtaí atá ag cumasc chun críocha cuntasaíochta mar idirbhearta de chuid na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;
(g)
na cearta a thabharfaidh an chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann do chomhaltaí a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna a léiríonn caipiteal na cuideachta nó na bearta a mholtar ina leith;
(h)
aon bhuntáistí speisialta a thabharfar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na gcuideachtaí atá ag cumasc;
(i)
ionstraim comhdhéanaimh na cuideachta atá ann de thoradh an chumaisc trasteorann, i gcás inarb infheidhme, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;
(j)
i gcás inarb iomchuí, faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéantar cinneadh de bhun Airteagal 133 ar shocruithe i ndáil le rannpháirteachas fostaithe agus a gcearta á sainmhíniú maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;
(k)
faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais a aistreofar chuig an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann;
(l)
dátaí chuntais na gcuideachtaí atá ag cumasc a úsáidtear chun coinníollacha an chumaisc thrasteorann a bhunú;
(m)
mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 126a;
(n)
aon choimircí a thairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|