|
+Airteagal 133 2. |
Airteagal 133 2.Ní bheidh feidhm, áfach, ag na rialacha atá i bhfeidhm maidir le rannpháirtíocht fostaithe, más ann dóibh, sa Bhallstát ina mbeidh oifig chláraithe na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann i gcás, sna sé mhí roimh nochtadh dhréacht-téarmaí comhchoiteanna an chumaisc trasteorann, ina mbeidh meánlíon fostaithe atá coibhéiseach le ceithre chúigiú den tairiseach is infheidhme, mar a leagtar síos i ndlí an Bhallstáit a bhfuil an chuideachta atá ag cumasc faoi réir a dhlínse, chun rannpháirtíocht fostaithe a spreagadh de réir bhrí phointe (k) d'Airteagal 2 de Threoir 2001/86/CE, ná i gcás nach ndéantar leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann na nithe seo a leanas:
(a)
foráil a dhéanamh don leibhéal céanna rannpháirtíochta fostaithe ar a laghad agus a bhí sna cuideachtaí atá ag cumasc, arna thomhas trí thagairt a dhéanamh don chion ionadaithe fostaithe i measc chomhaltaí an orgáin riaracháin nó maoirseachta nó a gcoistí nó an ghrúpa bainistíochta a chumhdaíonn aonaid bhrabúis na cuideachta, faoi réir ionadaíocht fostaithe; nó
(b)
foráil a dhéanamh maidir le fostaithe bunaíochtaí de chuid na cuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann atá suite i mBallstát eile, go mbeidh siad i dteideal cearta rannpháirtíochta a fheidhmiú mar atá na fostaithe sin sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta a thiocfaidh as an gcumasc trasteorann. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|