|
+Airteagal 138 Na dréacht-téarmaí deighilte a fhoilsiú |
Airteagal 138 Na dréacht-téarmaí deighilte a fhoilsiúAirteagal 138 Na dréacht-téarmaí deighilte a fhoilsiú Foilseofar dréacht-téarmaí deighilte ar an mbealach a fhorordaítear le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16, do gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt ar a laghad mí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta a dhéanfaidh cinneadh ina leith. Beidh aon cheann de na cuideachtaí atá páirteach sa deighilt díolmhaithe ón gceanglas maidir le foilsiú a leagtar síos in Airteagal 16, más rud é ar feadh tréimhse leanúnaí a thosaíonn ar a laghad mí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta atá chun na dréacht-téarmaí deighilte a chinneadh agus nach gcríochnaíonn níos luaithe ná clabhsúr an chruinnithe sin, go gcuirfidh sí na dréacht-téarmaí deighilte ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglas ná srianta seachas na ceanglais nó na srianta sin atá riachtanach d'fhonn slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, ná ní fhéadfaidh siad na ceanglais nó na srianta sin a fhorchur ach a mhéid atá siad comhréireach d'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach. De mhaolú ar an dara halt den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go gcuirfear an foilseachán sin i gcrích tríd an ardán lárnach leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 16(5). De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit a éileamh go ndéanfar an foilseachán sin ar shuíomh gréasáin ar bith eile a ainmníonn siad chun na críche sin. I gcás ina mbaineann na Ballstáit leas as ceann de na féidearthachtaí sin, áiritheoidh siad nach ngearrfar táille shainiúil ar chuideachtaí as an bhfoilsiú sin. I gcás ina n-úsáidtear suíomh gréasáin seachas an t-ardán lárnach leictreonach, foilseofar tagairt lena dtugtar rochtain ar an suíomh gréasáin sin ar an ardán lárnach leictreonach sin ar a laghad mí amháin roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta. Áireofar sa tagairt sin dáta foilseacháin na ndréacht-téarmaí deighilte ar an suíomh gréasáin agus beidh rochtain ag an bpobal uirthi saor in aisce. Ní ghearrfar táille shainiúil ar chuideachtaí as an bhfoilseachán sin. Ní dhéanfar difear, leis an toirmeasc lena gcuirtear bac ar tháille ar leith a ghearradh ar chuideachtaí le haghaidh foilseacháin, a leagtar síos sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír, do chumas na mBallstát na costais i dtaca leis an ardán lárnach leictreonach a ghearradh ar chuideachtaí. Féadfaidh na Ballstát a cheangal ar chuideachtaí an fhaisnéis a choimeád ar a suíomh gréasáin ar feadh tréimhse shonrach tar éis an chruinnithe ghinearálta, nó, i gcás inarb infheidhme, ar an ardán lárnach leictreonach nó ar an suíomh gréasáin eile arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh na Ballstáit iarmhairtí fachtóirí teicniúla nó eile a chinneadh a dtarlaíonn cur isteach sealadach ar rochtain ar an suíomh gréasáin nó ar an ardán lárnach leictreonach mar gheall orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|