+Airteagal 146 Leasanna creidiúnaithe cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a chosaint dliteanas comhpháirteach agus leithleach na gcuideachtaí is faighteoir
---+Airteagal 146 1.
---+Airteagal 146 2.
---+Airteagal 146 3.
---+Airteagal 146 4.
---+Airteagal 146 5.
---+Airteagal 146 6.
---+Airteagal 146 7.

Airteagal 146 Leasanna creidiúnaithe cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a chosaint dliteanas comhpháirteach agus leithleach na gcuideachtaí is faighteoir

Leasanna creidiúnaithe cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a chosaint dliteanas comhpháirteach agus leithleach na gcuideachtaí is faighteoir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 146 1.
Déanfar foráil le dlíthe na mBallstát do chóras leordhóthanach cosanta do leasanna creidiúnaithe na gcuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a ndearnadh a n-éilimh roimh dháta foilsithe na ndréacht-téarmaí deighilte agus nach raibh siad dlite fós tráth an fhoilsithe sin.
Airteagal 146 2.
Chun críche mhír 1, déanfar a fhoráil ar a laghad, le dlíthe na mBallstát, go mbeidh creidiúnaithe den sórt sin i dteideal coimircí leordhóthanacha a fháil i gcás ina bhfuil gá le coimirce den sórt de bharr staid airgeadais na cuideachta atá á deighilt agus na cuideachta a bhfuil an oibleagáid le haistriú chuici i gcomhréir leis na dréacht-téarmaí deighilte agus i gcás nach bhfuil coimircí den sórt sin ag na creidiúnaithe sin cheana.

Leagfaidh na Ballstáit síos na coinníollacha le haghaidh na cosanta dá bhforáiltear i mír 1 agus sa chéad fhomhír den mhír seo. Ar aon chaoi, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na creidiúnaithe údaraithe iarratas a chur isteach chuig an údarás iomchuí riaracháin nó breithiúnach i gcomhair coimircí leordhóthanacha ar an gcoinníoll gur féidir leo a thaispeáint go hinchreidte go bhfuil sásamh a n-éileamh i dtreis i ngeall ar an laghdú ar an deighilt agus nach bhfuarthas aon choimirce leordhóthanach ón gcuideachta.

Airteagal 146 3.
Sa mhéid nach bhfaigheann creidiúnaí de chuid na cuideachta a n-aistríodh an oibleagáid chuici i gcomhréir leis na dréacht-téarmaí deighilte sástacht, beidh na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir leis an oibleagáid sin. Féadfaidh na Ballstáit an dliteanas sin a theorannú do na glansócmhainní arna gcionroinnt ar gach ceann de na cuideachtaí sin seachas an ceann a n-aistríodh an oibleagáid chuici. Mar sin féin, ní gá dóibh an mhír seo a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an oibríocht deighilte faoi réir maoirseacht údaráis bhreithiúnaigh i gcomhréir le hAirteagal 157 agus ina bhfuil tromlach de réir lín a sheasann do thrí cheathrú de réir luacha de na creidiúnaithe nó d'aon aicme creidiúnaithe de chuid na cuideachta atá á deighilt tar éis comhaontú ag cruinniú arna thionól de bhun phointe (c) d'Airteagal 157(l) an dliteanas comhpháirteach agus leithleach sin a ligean uathu.
Airteagal 146 4.
Beidh feidhm ag Airteagal 99(3).
Airteagal 146 5.
Gan dochar do na rialacha lena rialaítear feidhmiú comhchoiteann a gceart, beidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le sealbhóirí bintiúr na gcuideachtaí atá páirteach sa deighilt, ach amháin sa chás gur formheasadh an deighilt ag cruinniú na sealbhóirí bintiúr, más rud é go bhforáiltear do chruinniú den sórt sin faoi na dlíthe náisiúnta nó gur fhormheas sealbhóirí na mbintiúr ar bhonn aonair é.
Airteagal 146 6.
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le hoibleagáidí na cuideachta atá á deighilt. I gcás den sórt sin, ní gá dóibh mír 1 go mír 5 a chur i bhfeidhm.
Airteagal 146 7.
I gcás ina gcomhcheanglaíonn Ballstát an córas cosanta do chreidiúnaithe a leagtar amach i mír 1 go mír 5 le dliteanas comhpháirteach agus leithleach na gcuideachtaí is faighteoir dá dtagraítear i mír 6, féadfaidh sé an dliteanas comhpháirteach agus leithleach sin a theorannú do na glansócmhainní arna gcionroinnt ar gach ceann de na cuideachtaí sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.