|
+Airteagal 157 1. |
Airteagal 157 1.Féadfaidh na Ballstáit mír 2 a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil oibríochtaí deighilte faoi réir maoirseachta údaráis bhreithiúnaigh a bhfuil an chumhacht aige chun:
(a)
cruinniú ginearálta de chuid scairshealbhóirí na cuideachta atá á deighilt a ghairm chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na deighilte;
(b)
a áirithiú go bhfuair scairshealbhóirí gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt, na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 143, nó gur féidir leo iad a fháil, in am chun iad a scrúdú roimh dháta chruinniú ginearálta a gcuideachta a gaireadh chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na deighilte. I gcás ina mbaineann Ballstát úsáid as an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 140, beidh an tréimhse fada go leor chun go bhféadfaidh scairshealbhóirí na gcuideachtaí is faighteoir na cearta a dtugtar dóibh leis an Airteagal sin a fheidhmiú;
(c)
aon chruinniú de chuid creidiúnaithe gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt a ghairm chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh na deighilte;
(d)
a áirithiú go bhfuair creidiúnaithe gach ceann de na cuideachtaí atá páirteach i ndeighilt, na dréacht-téarmaí deighilte, nó go bhféadfaidh siad ar a laghad iad a fháil in am chun iad a scrúdú roimh an dáta dá dtagraítear i bpointe (b);
(e)
na dréacht-téarmaí deighilte a fhormheas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|