|
+Airteagal 160b Sainmhínithe |
Airteagal 160b SainmhínitheAirteagal 160b Sainmhínithe Chun críocha na Caibidle seo:
(1)
ciallaíonn “cuideachta”, cuideachta faoi dhliteanas teoranta'de chineál faoi mar a liostaítear in Iarscríbhinn II;
(2)
ciallaíonn “cuideachta atá á deighilt” cuideachta a aistríonn, mar chuid de phróiseas deighilte trasteorann, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó nó i gcás deighilt iomlán, nó a aistríonn cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais go cuideachta amháin nó níos mó i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh;
(3)
ciallaíonn “cuideachta is faighteoir” cuideachta a fhoirmítear as an nua le linn deighilt trasteorann;
(4)
ciallaíonn “deighilt” oibríocht lena ndéantar ceann amháin de na roghanna seo a leanas:
(a)
aistríonn cuideachta atá á deighilt, ar a díscaoileadh gan dul faoi leachtú, a sócmhainní agus a dliteanais uile chuig dhá chuideachta nó níos mó is faighteoirí de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más infheidhme, íocaíocht airgid nach mó ná 10% den luach ainmniúil nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10% de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna sin (“deighilt iomlán”);
(b)
aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir, sa chuideachta atá á deighilt, nó sna cuideachtaí is faighteoir agus sa chuideachta atá á deighilt araon, a eisiúint do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus, más infheidhme, íocaíocht airgid nach mó ná 10 % den luach ainmniúil nó, murab ann do luach ainmniúil, íocaíocht airgid nach mó ná 10 % de pharluach cuntasaíochta na n‐urrús nó na scaireanna sin (“deighilt pháirteach”); nó
(c)
aistríonn cuideachta atá á deighilt cuid dá sócmhainní agus dá dliteanais chuig cuideachta is faighteoir amháin nó níos mó, de mhalairt ar urrúis nó scaireanna sna cuideachtaí is faighteoir a eisiúint don chuideachta atá á deighilt (“deighilt trí scaradh”). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|