|
+Airteagal 160d Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorann |
Airteagal 160d Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorannAirteagal 160d Dréacht-téarmaí deighiltí trasteorann Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí deighilte trasteorann a tharraingt suas. Áireofar, ar a laghad, na sonraí seo a leanas sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann:
(a)
foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta atá á deighilt agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm a mholtar don chuideachta nó do na cuideachtaí nua a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus suíomh beartaithe a n‐oifigí cláraithe;
(b)
i gcás inarb iomchuí, an cóimheas is infheidhme maidir le malartú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí agus méid aon íocaíochta airgid;
(c)
na téarmaí i ndáil le leithroinnt na n‐urrús nó na scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí is faighteoir nó na cuideachta atá á deighilt;
(d)
an t‐amchlár táscach atá molta don deighilt trasteorann;
(e)
impleachtaí dóchúla na deighilte trasteorann ar an bhfostaíocht;
(f)
an dáta óna dtabharfaidh an sealbhú urrús nó scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na gcuideachtaí teidlíocht do na sealbhóirí brabúis a roinnt, agus aon choinníollacha speisialta lena ndéanfar difear don teidlíocht sin;
(g)
an dáta nó na dátaí óna gcaithfear le hidirbhearta na cuideachta atá á deighilt, chun críocha cuntasaíochta, mar idirbhearta na gcuideachtaí is faighteoir;
(h)
aon bhuntáistí speisialta a dheonófar do chomhaltaí chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta, faireacháin nó rialála na cuideachta atá á deighilt;
(i)
na cearta a thabharfaidh na cuideachtaí is faighteoir do chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt a bhfuil cearta speisialta acu nó do shealbhóirí urrús seachas scaireanna arb ionann iad agus caipiteal na cuideachta atá á deighilt, nó na bearta a bheartaítear maidir leo;
(j)
ionstraimí comhdhéanaimh na gcuideachtaí is faighteoir, i gcás inarb ábhartha, agus a reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad, agus aon athruithe ar ionstraim chomhdhéanaimh na cuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh;
(k)
i gcás inarb iomchuí, is de bhun Airteagal 160l a chinnfear faisnéis faoi na nósanna imeachta lena ndéanfar socruithe i ndáil le rannpháirtíocht fostaithe i sainmhíniú a gceart maidir le rannpháirtíocht sa chuideachta is faighteoir;
(l)
tuairisc bheacht ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta atá á deighilt agus ráiteas faoin gcaoi atá na sócmhainní agus na dliteanais sin le cionroinnt idir na cuideachtaí is faighteoir, nó le coimeád ag an gcuideachta atá á deighilt i gcás deighilt pháirteach nó deighilt trí scaradh, lena n‐áirítear forálacha maidir le caitheamh le sócmhainní nó dliteanais nach bhfuil cionroinnte ar dhóigh shonrach sna dréacht-téarmaí deighilte trasteorann, amhail sócmhainní nó dliteanais nach eol iad a bheith ann ar an dáta a tharraingeofar suas na dréacht-téarmaí deighilte trasteorann;
(m)
faisnéis faoin meastóireacht ar na sócmhainní agus ar na dliteanais atá le cionroinnt ar gach cuideachta atá páirteach sa deighilt trasteorann;
(n)
dáta chuntais na cuideachta atá á deighilt a úsáidtear chun coinníollacha na deighilte trasteorann a bhunú;
(o)
i gcás inarb iomchuí, cionroinnt na scaireanna agus na n‐urrús sna cuideachtaí is faighteoir, sa chuideachta atá á deighilt, nó iontu araon, ar chomhaltaí na cuideachta atá á deighilt agus na critéir ar a bhfuil an chionroinnt sin bunaithe;
(p)
mionsonraí maidir leis an tairiscint cúitimh airgid do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 160i;
(q)
aon choimircí, a dtairgtear do chreidiúnaithe, amhail ráthaíochtaí nó gealltanais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|