+Airteagal 160e Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta do chomhaltaí agus d'fhostaithe
---+Airteagal 160e 1.
---+Airteagal 160e 2.
---+Airteagal 160e 3.
---+Airteagal 160e 4.
---+Airteagal 160e 5.
---+Airteagal 160e 6.
---+Airteagal 160e 7.
---+Airteagal 160e 8.
---+Airteagal 160e 9.
---+Airteagal 160e 10.
|
Airteagal 160e Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta do chomhaltaí agus d'fhostaithe
Tuarascáil an chomhlachta riaracháin nó bainistíochta do chomhaltaí agus d'fhostaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 160e 1.
|
Déanfaidh comhlacht riaracháin nó bainistíochta na cuideachta atá á deighilt tuarascáil a tharraingt suas do na chomhaltaí agus d'fhostaithe, ina míneofar gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha na deighilte trasteorann, agus ina dtabharfar bonn cirt leo, agus ina míneofar impleachtaí na deighilte trasteorann do na fostaithe. Míneofar inti ach go háirithe impleachtaí na deighilte trasteorann do ghnó na gcuideachtaí amach anseo.
|
|
Airteagal 160e 2.
|
Áireofar sa tuarascáil freisin roinn do chomhaltaí agus roinn d'fhostaithe. Féadfaidh an chuideachta cinneadh a dhéanamh aon tuarascáil amháin a tharraingt suas ina mbeidh an dá roinn sin nó tuarascálacha ar leith a tharraingt do chomhaltaí agus d'fhosaithe, faoi seach, ina mbeidh an roinn ábhartha.
|
|
Airteagal 160e 3.
|
Sa roinn den tuarascáil do chomhaltaí, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
an cúiteamh airgid agus an modh a úsáideadh chun an cúiteamh airgid a ríomh;
(b)
an cóimheas malartaithe scaireanna agus an modh nó na modhanna a úsáideadh leis an gcóimheas malartaithe scaireanna a ríomh, i gcás inarb infheidhme;
(c)
impleachtaí na deighilte trasteorann do chomhaltaí;
(d)
na cearta agus na leigheasanna atá ar fáil do chomhaltaí i gcomhréir le hAirteagal 160i.
|
|
Airteagal 160e 4.
|
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil do chomhaltaí i gcás ina bhfuil sé comhaontaithe ag comhaltaí na cuideachta an ceanglas sin a tharscaoileadh. Féadfaidh na Ballstáit cuideachtaí aon bhaill a eisiamh ó fhorálacha an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 160e 5.
|
Sa roinn den tuarascáil d'fhostaithe, míneofar an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
impleachtaí na deighilte trasteorann do chaidrimh fostaíochta, agus, i gcás inarb infheidhme, aon bheart chun na caidrimh sin a choimirciú;
(b)
aon athruithe ábhartha ar na dálaí fostaíochta is infheidhme nó ar shuíomh áiteanna gnó na cuideachta;
(c)
an chaoi a ndéanann na tosca a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) difear d'aon fhochuideachtaí den chuideachta.
|
|
Airteagal 160e 6.
|
Déanfar an tuarascáil nó na tuarascálacha, maille le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, má bhíonn siad ar fáil, a chur ar fáil in aon chás go leictreonach do na comhaltaí agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, tráth nach lú ná sé seachtaine roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.
|
|
Airteagal 160e 7.
|
I gcás ina bhfaighidh comhlacht riaracháin nó na cuideachta atá á deighilt tuairim ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 5 in am trátha, agus an tuairim sin a theacht ó ionadaithe na bhfostaithe, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, ó na fostaithe iad féin, mar a fhoráiltear faoin dlí náisiúnta, cuirfear an tuairim sin in iúl do na comhaltaí agus cuirfear i gceangal leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 í.
|
|
Airteagal 160e 8.
|
Ní bheidh gá leis an roinn den tuarascáil a bhaineann le fostaithe i gcás nach bhfuil fostaithe ag an gcuideachta atá á deighilt agus a fochuideachtaí, más ann dóibh, diomaite díobh siúd ar cuid den chomhlacht riaracháin nó bainistíochta iad.
|
|
Airteagal 160e 9.
|
I gcás ina ndéantar an roinn den tuarascáil do chomhaltaí dá dtagraítear i mír 3 a tharscaoileadh i gcomhréir le mír 4 agus nach bhfuil an roinn d’fhostaithe dá dtagraítear i mír 5 ag teastáil faoi mhír 8, ní bheidh gá leis an tuarascáil.
|
|
Airteagal 160e 10.
|
Beidh míreanna 1 go 9 den Airteagal seo gan dochar do na cearta faisnéise agus comhairliúcháin agus do na nósanna imeachta faisnéise agus comhairliúcháin is infheidhme dá bhforáiltear ar leibhéal náisiúnta tar éis Treoir 2002/14/EC agus Treoir 2009/38/EC a thrasuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|