|
+Airteagal 160g 1. |
Airteagal 160g 1.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann an chuideachta na doiciméid seo a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:
(a)
dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann; agus
(b)
fógra lena gcuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a thíolacadh don chuideachta, cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách a nochtadh agus go gcuirfí ar fáil don phobal í sa chlár. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na thuarascála ón saineolaí neamhspleách. Beidh teacht freisin ar na doiciméid a nochtófar i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|