+Airteagal 160g Nochtadh
---+Airteagal 160g 1.
---+Airteagal 160g 2.
---+Airteagal 160g 3.
---+Airteagal 160g 4.
---+Airteagal 160g 5.
---+Airteagal 160g 6.
|
Airteagal 160g Nochtadh
Nochtadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 160g 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann an chuideachta na doiciméid seo a leanas a nochtadh agus a chur ar fáil go poiblí i gclár Bhallstát na cuideachta atá á deighilt mí amháin ar a laghad roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:
(a)
dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann; agus
(b)
fógra lena gcuirtear in iúl do chomhaltaí, do chreidiúnaithe agus d'ionadaithe fhostaithe na cuideachta atá á deighilt, nó, i gcás nach ann do na hionadaithe sin, do na fostaithe iad féin, go bhféadfaidh siad barúlacha maidir le dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a thíolacadh don chuideachta, cúig lá oibre ar a dhéanaí roimh dháta an chruinnithe ghinearálta.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go ndéanfaí an tuarascáil ón saineolaí neamhspleách a nochtadh agus go gcuirfí ar fáil don phobal í sa chlár.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chuideachta in ann faisnéis rúnda a eisiamh ó nochtadh na thuarascála ón saineolaí neamhspleách.
Beidh teacht freisin ar na doiciméid a nochtófar i gcomhréir leis an mír seo trí chóras idirnascadh na gclár.
|
|
Airteagal 160g 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit cuideachta atá á deighilt a dhíolmhú ón gceanglas um nochtadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta sin, go ceann tréimhse leanúnach dar tús aon mhí amháin ar a laghad roimh an dáta arna shocrú don chruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h agus dar críoch tráth nach luaithe ná deireadh an chruinnithe sin, na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar fáil ar a suíomh gréasáin saor in aisce don phobal. Ní chuirfidh na Ballstáit an díolúine sin faoi réir aon cheanglais ná srianta, áfach, seachas iad siúd atá riachtanach chun slándáil an tsuímh gréasáin agus barántúlacht na ndoiciméad a áirithiú, atá comhréireach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
|
|
Airteagal 160g 3.
|
I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfaidh sí an fhaisnéis seo a leanas a chur isteach sa chlár tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh dháta an chruinnithe ghinearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h:
(a)
foirm dhlíthiúil agus ainm na cuideachta atá á deighilt agus suíomh a hoifige cláraithe, agus an fhoirm dhlíthiúil agus an t‐ainm beartaithe don chuideachta nó do na cuideachtaí nuachruthaithe a thiocfaidh as an deighilt trasteorann agus suíomh beartaithe a n‐oifige chláraithe;
(b)
an clár ina gcomhdaítear na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 14 maidir leis an gcuideachta atá á deighilt, agus a huimhir clárúcháin sa chlár sin;
(c)
léiriú ar na socruithe atá déanta maidir le cearta creidiúnaithe, fostaithe agus comhaltaí a fheidhmiú; agus
(d)
mionsonraí an tsuímh gréasáin ónar féidir dréacht‐téarmaí na deighilte trasteorann, an fógra dá dtagraítear i mír 1 agus an tuarascáil ó na saineolaithe agus an fhaisnéis iomlán maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo a fháil ar líne agus saor in aisce.
Cuirfidh an clár an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) den chéad fhomhír ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 160g 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na ceanglais dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 a chomhlíonadh ar líne ina n‐iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
|
|
Airteagal 160g 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit, anuas ar an nochtadh dá dtagraítear i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo, a cheangal go bhfoilseofaí dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann, nó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ina n‐iris náisiúnta nó trí ardán lárnach leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 16(3). Sa chás sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtarchuirfidh an clár an fhaisnéis ábhartha chuig an iris náisiúnta nó chuig ardán leictreonach lárnach.
|
|
Airteagal 160g 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain saor in aisce ag an bpobal ar an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 nó ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 3 trí chóras idirnascadh na gclár. Áiritheoidh na Ballstáit ina theannta sin nach dtéann aon táillí a ghearrfaidh na cláir ar an gcuideachta as an nochtadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 agus, i gcás inarb infheidhme, as an bhfoilseachán dá dtagraítear i mír 5, thar aisghabháil an chostais a ghabhann leis na seirbhísí sin a sholáthar.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|