|
+Airteagal 160l 4. |
Airteagal 160l 4.Agus iad i mbun rialála ar na prionsabail agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
an ceart a thabhairt don chomhlacht speisialta caibidlíochta cinneadh a dhéanamh, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar dhá thrian de na fostaithe ar a laghad, gan tús a chur le caibidlíochtaí nó caibidlíochtaí ar cuireadh tús leo cheana a fhoirceannadh agus brath ar na rialacha maidir le rannpháirtíocht atá i bhfeidhm i mBallstáit gach cuideachta is faighteoir;
(b)
i gcás ina mbeidh feidhm, tar éis caibidlíocht roimh ré, ag rialacha caighdeánacha le haghaidh rannpháirtíochta agus d'ainneoin na rialacha sin, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh teorainn a chur le cion na n‐ionadaithe fostaithe i gcomhlacht riaracháin na gcuideachtaí is faighteoir. Más ionadaithe fostaithe ar a laghad aon trian de chomhlacht riaracháin nó de chomhlacht maoirseachta na cuideachta atá á deighilt, áfach, ní fhéadfaidh sé a bheith mar thoradh riamh ar an teorannú sin go mbeidh cion ionadaithe fostaithe níos ísle ná aon trian sa chomhlacht riaracháin;
(c)
áiritheoidh siad go leanfaidh na rialacha maidir le rannpháirtíocht fostaithe a raibh feidhm acu roimh an deighilt trasteorann d'fheidhm a bheith acu go dtí an dáta a gcuirfear i bhfeidhm aon rialacha a chomhaontófar ina dhiaidh sin nó, murab ann do rialacha comhaontaithe, go dtí go gcuirfear i bhfeidhm rialacha caighdeánacha i gcomhréir le pointe (a) de Chuid 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/86 / CE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|