+Airteagal 160m Deimhniú réamhdheighilte
---+Airteagal 160m 1.
---+Airteagal 160m 2.
---+Airteagal 160m 3.
---+Airteagal 160m 4.
---+Airteagal 160m 5.
---+Airteagal 160m 6.
---+Airteagal 160m 7.
---+Airteagal 160m 8.
---+Airteagal 160m 9.
---+Airteagal 160m 10.
---+Airteagal 160m 11.
---+Airteagal 160m 12.
|
Airteagal 160m Deimhniú réamhdheighilte
Deimhniú réamhdheighilte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 160m 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás nó na húdaráis eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht deighiltí trasteorann a mhéid a bhaineann leis na coda sin den nós imeachta a rialaítear le dlí Bhallstát na cuideachta atá á deighilt, agus chun deimhniú réamhdheighilte a eisiúint lena bhfianófar comhlíonadh na gcoinníollacha ábhartha uile agus cur i gcrích cuí na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí uile sa Bhallstát sin (“an t‐údarás inniúil”). Féadfar sásamh nó daingniú oibleagáidí airgid nó neamhairgid a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí a chur faoi urrús nó comhlíonadh ceanglas sonracha earnálach, lena n‐áirítear daingniú oibleagáidí a eascróidh as imeachtaí leanúnacha, a chuimsiú le cur i gcrích sin na nósanna imeachta agus na bhfoirmiúlachtaí.
|
|
Airteagal 160m 2.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ngabhfaidh na nithe seo a leanas leis an iarratas ón gcuideachta atá á deighilt ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil:
(a)
dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann;
(b)
an tuarascáil agus an tuairim i gceangal, más ann di, dá dtagraítear in Airteagal 160e, mar aon leis an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 160f, i gcás ina bhfuil siad ar fáil;
(c)
aon bharúlacha a thíolacfar i gcomhréir le hAirteagal 160g(1); agus
(d)
faisnéis maidir leis an bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h.
|
|
Airteagal 160m 3.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeadh faisnéis bhreise ag gabháil leis an iarratas ar dheimhniú réamhdheighilte a fháil ón gcuideachta atá á deighilt, amhail, go háirithe:
(a)
an líon fostaithe tráth a rinneadh dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann a tharraingt suas;
(b)
fochuideachtaí a bheith ann agus a suíomhanna geografacha faoi seach;
(c)
faisnéis maidir leis na hoibleagáidí a bheidh dlite do chomhlachtaí poiblí ag an gcuideachta atá á deighilt a shásamh;
Chun críche na míre seo, féadfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin, mura soláthróidh an chuideachta atá á deighilt í, a iarraidh ar údaráis ábhartha eile.
|
|
Airteagal 160m 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an t‐iarratas dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a chur isteach, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan an gá do na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis inniúil, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
|
|
Airteagal 160m 5.
|
Maidir le comhlíonadh na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht fostaithe de réir mar a leagtar síos in Airteagal 160n, fíoróidh údarás inniúil Bhallstát na cuideachta atá á deighilt go n‐áireofar i ndréacht-téarmaí na deighilte trasteorann faisnéis maidir leis na nósanna imeachta lena ndéantar na socruithe ábhartha a shocrú agus maidir leis na roghanna is féidir a bheith ann le haghaidh na socruithe sin.
|
|
Airteagal 160m 6.
|
Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t‐údarás inniúil an méid seo a leanas:
(a)
na doiciméid agus an fhaisnéis uile arna dtíolacadh don údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3;
(b)
tásc ón gcuideachta atá á deighilt go bhfuil tús curtha leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 160l(3) agus (4), i gcás inarb ábhartha.
|
|
Airteagal 160m 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an grinnscrúdú dá dtagraítear i mír 1 a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ón dáta a gheofar na doiciméid agus an fhaisnéis maidir le cruinniú ginearálta na cuideachta atá á deighilt an deighilt trasteorann a fhormheas. Beidh ceann díobh seo a leanas mar thoradh ar an grinnscrúdú sin:
(a)
i gcás ina gcinnfear go ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh agus go bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte;
(b)
i gcás ina gcinnfear nach ndéanann an deighilt trasteorann na coinníollacha ábhartha uile a chomhlíonadh nó nach bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí riachtanacha go léir curtha i gcrích, ní eiseoidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte agus cuirfidh sé in iúl don chuideachta na cúiseanna lena chinneadh. Sa chás sin, féadfaidh an t‐údarás inniúil an deis a thabhairt don chuideachta na coinníollacha ábhartha a chomhlíonadh nó na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse iomchuí ama.
|
|
Airteagal 160m 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh an t‐údarás inniúil an deimhniú réamhdheighilte a eisiúint, má chinntear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun deighilt trasteorann arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur chun críocha coiriúla atá sí.
|
|
Airteagal 160m 9.
|
Sa chás, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil móramhras ar an údarás inniúil lena léireofar gur chun críocha calaoiseacha nó míchleachtais a cuireadh ar bun an deighilt trasteorann, arbh é ba thoradh léi gur seachnaíodh dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta, nó go ndeachthas timpeall orthu, nó a raibh sé mar aidhm léi gurb in é an toradh a bheadh uirthi, nó gur chun críocha coiriúla atá sí, déanfaidh sé fíorais agus cúinsí ábhartha a chur san áireamh, amhail, i gcás inarb ábhartha agus gan iad a bhreithniú ina n‐aonar, tosca táscacha a bhfuil an t‐údarás inniúil ar an eolas fúthu, le linn an ghrinnscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1, lena n‐áirítear trí chomhairliúchán leis na húdaráis ábhartha. Is ar bhonn cás ar chás, trí nós imeachta arna rialú leis an dlí náisiúnta, a dhéanfar an measúnú chun críocha na míre seo.
|
|
Airteagal 160m 10.
|
I gcás inar gá chun críocha an mheasúnaithe faoi mhíreanna 8 agus 9 faisnéis bhreise a chur san áireamh nó gníomhaíochtaí breise imscrúdaitheacha a dhéanamh, féadfar síneadh trí mhí ar a mhéid a chur leis an tréimhse trí mhí amhail dá bhforáiltear i mír 7.
|
|
Airteagal 160m 11.
|
I gcás nach féidir an measúnú a dhéanamh laistigh de na spriocdhátaí amhail dá bhforáiltear i míreanna 7 agus 10 den Airteagal seo de bharr chastacht nós imeachta na deighilte trasteorann, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an t‐iarratasóir ar an eolas faoi na cúiseanna le haon mhoill sula rachaidh na spriocdhátaí sin in éag.
|
|
Airteagal 160m 12.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an t‐údarás inniúil dul i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile a bhfuil inniúlacht acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann an deighilt trasteorann, lena n‐áirítear iad sin de chuid Bhallstát na gcuideachtaí is faighteoir, agus faisnéis agus doiciméid a fháil ó na húdaráis sin agus ón gcuideachta atá á deighilt atá riachtanach chun dlíthiúlacht na deighilte trasteorann a ghrinnscrúdú, faoi chuimsiú an chreata nós imeachta a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Chun críocha an mheasúnaithe, féadfaidh an t‐údarás inniúil dul ar iontaoibh saineolaí neamhspleách.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|