+Airteagal 160o Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht deighilte trasteorann
---+Airteagal 160o 1.
---+Airteagal 160o 2.
---+Airteagal 160o 3.
---+Airteagal 160o 4.
---+Airteagal 160o 5.
|
Airteagal 160o Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht deighilte trasteorann
Grinnscrúdú ar dhlíthiúlacht deighilte trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 160o 1.
|
Ainmneoidh na Ballstáit an chúirt, an nótaire nó an t‐údarás eile a bheidh inniúil chun grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na deighilte trasteorann a mhéid a bhaineann leis an gcuid sin den nós imeachta a bhaineann le cur i gcrích na deighilte trasteorann a rialaítear le dlí Bhallstáit na gcuideachtaí is faighteoir agus chun an deighilt trasteorann a fhormheas. Áiritheoidh an t‐údarás nó na húdaráis sin go háirithe go ndéanfaidh na cuideachtaí is faighteoir forálacha sin an dlí náisiúnta maidir le hionchorprú agus clárú cuideachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh na socruithe maidir le rannpháirtíocht fostaithe socraithe i gcomhréir le hAirteagal 160l.
|
|
Airteagal 160o 2.
|
Chun críche mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an chuideachta atá á deighilt dréacht-téarmaí na deighilte trasteorann arna bhformheas tríd an gcruinniú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 160h a chur faoi bhráid gach údarás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 160o 3.
|
Áiritheoidh gach Ballstát go bhféadfar aon iarratas chun críocha mhír 1, ón gcuideachta atá á deighilt, lena n‐áirítear aon fhaisnéis agus doiciméid a thíolacadh, a chomhlánú ar líne ina iomláine gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair an údaráis dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de Chaibidil III de Theideal I.
|
|
Airteagal 160o 4.
|
Déanfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 an deighilt trasteorann a fhormheas a luaithe a ríomhfaidh sé gur comhlíonadh na coinníollacha ábhartha uile go cuí agus gur cuireadh na foirmiúlachtaí uile i gcríoch go cuí i mBallstáit na gcuideachtaí is faighteoirí.
|
|
Airteagal 160o 5.
|
Glacfaidh an t‐údarás dá dtagraítear i mír 1 leis an deimhniú réamhdheighilte, a bheith ina fhianú doshéanta ar chur i gcrích ceart nósanna imeachta agus foirmiúlachtaí na réamhdheighilte is infheidhme i mBallstát na cuideachta atá á deighilt, nach féidir an deighilt trasteorann a fhormheas dá íonais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|